Comórtas | Staycity Aparthotels | Tour de France | TG4 Skip to main content
Menu

Tour de France 2019

Áirítear Staycity Aparthotels ar cheann de na soláthraithe is fearr dá chineál, le hárasáin féinfhreastail lárcathrach i go leor áiteanna ar fud na hEorpa, ina measc An Veinéis, Londain, Páras, Baile Átha Cliath, Dún Éideann, Manchain, Learpholl, Lyons, Marseille agus go leor áiteanna tarraingteacha eile.

Tá 284 seomra úrnua in Staycity Aparthotels Páras Marne La Vallée, a osclóidh an 1 Lúnasa 2019, lena n-áirítear árasáin stiúideo, agus árasáin aon seomra atá fíorghalánta agus comhaimseartha, chomh maith le villas príobháideacha móra fairsinge a bhfuil spás iontu le haghaidh grúpaí ina bhfuil suas le 20 duine.
Tá an lóistín seo suite i gceantar iontach do thaistealaithe, is cuma más ar mhaithe le gnó nó le pléisiúr é, agus go háirithe do theaghlaigh a bhfuil páistí óga acu agus daoine a bhfuil spéis mhór acu sa ghalf, mar nach bhfuil sé ach 5 nóiméad sa charr ó Disneyland® Páras, agus tá Galfchúrsa Disneyland® Páras laistigh de na tailte chomh maith.

Féach ar www.staycity.com do bhreis eolais agus na rátaí is ísle dá bhfuil ar fáil.

An Duais

Dearbhán €500 Staycity Aparthotels gach lá den 21 staid den Tour de France


Cén pháirc siamsaíochta i bPáras, a bhfuil cáil mhór uirthi ar fud an domhain, atá suite gar do Staycity Aparthotels Paris Marne-La-Vallée?
Tivoli Gardens i gCóbanhávanLegoland in Ionad Saoire WindsorDisneyland i bPáras

Ainm

Fón

Ríomhphost

Seoladh

Contae

Tír


Is chun tú a a choinneáil ar an eolas maidir leis na cineálacha cláir de do rogha a roghnaigh tú a dhéantar d'ainm agus do sheoladh ríomhphoist a bhailiú agus ní roinntear an fhaisnéis le haon rannóg eile i TG4 ná le cuideachtaí seachtracha. Ní choinnítear na sonraí seo ach fad a bhíonn tú cláraithe leis an tseirbhís. Scriostar do chuid sonraí nuair a dhíchláraíonn tú.

Más mian leat do thoiliú a tharraingt siar agus gan cloisteáil uainn níos mó, níl le déanamh agat ach cliceáil ar an nasc díchláraithe a bhíonn ag íochtar gach ríomhphoist a sheolaimid nó sin teagmháil a dhéanamh linn ag nuachtlitir@tg4.ie. Tá meas agus luach againn ar do chuid sonraí pearsanta agus ar do chuid príobháideachais. Chun féachaint ar bheartas príobháideachais TG4, téigh chuig an láithreán gréasáin. Toilíonn tú leis an bhfoirm seo a chur ar aghaidh, go ndéanfaimis do chuid faisnéise a phróiseáil de réir na dtéarmaí seo.

Ba mhaith liom breis eolas a fháil faoi thairiscintí speisialta ó Staycity Aparthotels

Roghnaigh an bosca thíos má tá tú ag iarraidh clárú le haghaidh Nuachtlitir TG4:

Nuachtlitir TG4 | TG4 Newsletter


Buaiteoirí

Staid 1 – Beartlea Ó Barán, Sligeach
Staid 2 – Clár Ní Thuachair, Baile Átha Cliath
Staid 3 – Liam Ó Laighin, Laois
Staid 4 – Aine Ni Cheochain, Corcaigh
Staid 5 – Cóilín Ó Cúrnáin, Ciarraí
Staid 6 – Nicola McGowan, Luimneach
Staid 7 – Valerie Bhreathnach, Port Láirge
Staid 8 – Orlaith Ni Shuibhne, Cill Mhantáin
Staid 9 – John Flynn, Liatroim
Staid 10 – Sibéal Ní Dhubhghaill, Muineachán
Staid 11 – Eamonn Murray, Maigh Eo
Staid 12 – Una Ni Dhomhnaill, Dún na nGall


Téarmaí & Coinníollacha – Staycity Aparthotels

  • Lóistín sa Staycity Aparthotels ag brath ar sheomraí a bheith ar fáil.
  • Ní bheidh dearbháin lóistín saor in aisce bailí le linn buaicthréimhsí.
  • Ní féidir an tairiscint a mhalartú ar airgead tirim agus níl sí inaistrithe.
  • Tá na dearbháin lóistín bailí ar feadh bliain amháin ón dáta eisiúna.
  • Bainfidh an dearbhán lóistín saor in aisce le hárasán stiúideo nó le hárasán aon seomra amháin (nuair atá siad ar fáil sa lóistín Staycity atá roghnaithe, a bhfuil áit chodlata ann do bheirt ar a mhéad).
  • Ní féidir na dearbháin lóistín saor in aisce a úsáid ach le haghaidh cuairt amháin, a mbeidh luach €500.00 ar a mhéad i gceist léi.
  • Ní mór an lóistín a chur in áirithe ar a laghad ceithre seachtaine roimh an dáta a mbeidh tú le fanacht sa lóistín.
  • Lóistín agus sin amháin atá i gceist leis an tairiscint seo, agus is lóistín a bhaineann leis an mbranda Staycity Aparthotels atá i gceist (ní bhaineann sí le Wilde Aparthotels faoi bhranda Staycity).

Físeáin ar Fáil