Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 288

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 19

    An Rud is Fearr Liom

    Is lá fuar geimhridh é ar an bhfeirm ach is maith an scéal do Fi go bhfuil Tom thart.

  • 7:15AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 45

    Béar sa Lár

    Tá na Béir Bhána ag achrann arís. An mbeidh Wissper agus Máirtín in ann cúrsaí a chur ina gceart eatarthu?

  • 7:22AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 45

    Cúntóir Cabhrach

    Fostaíonn Funella coinín díograiseach le cúnamh a thabhairt d'Fhurgus lena chuid oibre.

  • 7:33AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 32

    Clár na gCarranna

    Feiceann Stan agus Olly Féithín, láithreoir an chláir teilifíse faoi charranna, sa mbaile mór.

  • 7:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 6

    Lorg na gCos

    Féachfaidh Bubu, Biel agus Bonie leis an ainmhí a d'fhág lorg coise ina dhiaidh a aimsiú.

  • 7:49AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 12

    Ag Campáil le Mam

    Tá Bn. Uí Tearanódóin le campa a reáchtáil do na máithreacha agus a bpáistí.

  • 8:01AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 32

    Peataí

    Tá Dot le haire a thabhairt do chat Ruby ar an deireadh seachtaine.

  • 8:13AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 32

    Mála a Phacáil

    Tabharfaidh na piscíní cúnamh do Dhaidí a mhála a phacáil do thuras gnó.

  • 8:20AM
    Seó Luna

    Seó LunaSraith 1, Eipeasóid 32

    Cráitéir Chraiceáilte!

    Is gearr le cáis Eilvéiseach an ghealach dar le Jupiter. Tá Luna cinnte nach as cáis atá an ghealach déanta ach níl sí cinnte cén fáth a bhfuil poill ar an ngealach. Déanfaidh ár gcairde roicéid díobh féin inniu agus rachaidh siad go dtí an spás chun cráitéir na gealaí a fhiosrú.

  • 8:32AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 14

    Catboy agus Claíomh an Uasail Fang

    Tá Catboy chomh holc sin go bhfuil an misean curtha i mbaol aige.

  • 8:45AM
    Dragain Florrie

    Dragain FlorrieSraith 1, Eipeasóid 32

    Lá na nDrochféasóige

    Bearrann Florrie féasóg Casimir trí thimpiste!

  • 8:55AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 32

    Ainmhí Fiáin

    Samhlaíonn Monty mar a bheadh sé ainmhí fiáin a bheith mar pheata agat.

  • 9:02AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 47

    An cheist faoin Óstán

    Caithfidh Peig agus Cat déanamh cinnte go bhfuil cuairteoirí uilig an óstáin sna seomraí cearta.

  • 9:15AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    Cóil ag Rang Ióga

    Tabharfaidh Cóil faoi rang ióga den chéad uair riamh in éineacht leis an múinteoir ióga Veronica. Taispeánfaidh sí an bosca dó a bhfuil an t-ábhar ar fad ann a theastóidh uaidh - mata ióga, treabhsar agus cloigíní. Múinfidh Veronica cúpla cleas ióga do Chóil. Bíonn an-spraoi aige sa rang ansin le cairde Veronica.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 6, Eipeasóid 13

    Sraith ina dtugtar léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Tá lucht na carthanachta ag tabhairt aire do chaitín beag. Níl sé in ann meáchan a chur ar a dhá chos deiridh agus ceaptar gur ionsaíodh é.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 9

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 6, Eipeasóid 6

    The Preacher Takes A Wife

    Ba mhaith leis an Oirmhinneach Alden Anna Craig a phósadh. Ní mó ná sásta atá Bean Oleson faoi sin áfach agus féachann sí le teacht eatarthu.

  • 11:50AM
    Abair Amhrán (OS)

    Abair Amhrán (OS)Sraith 2, Eipeasóid 10

    Ceiliúradh ar amhráin a bhíodh againn ag éirí aníos, amhráin a bhíodh ag ár muintir romhainn agus a tháinig anuas ó ghlúin go glúin.

  • 12:05PM
    A Chef's Life (TS)

    A Chef's Life (TS)Sraith 2, Eipeasóid 13

    Uibheacha a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Múinfidh Ms. Scarlett an bealach is fearr le hubh a bhruith do Vivian agus conas sainbhia de chuid dheisceart na Stát Aontaithe atá déanta as uibheacha a réiteach mar is ceart. Tá gach duine sa bhialann ag ullmhú do dhinnéar ceiliúrtha.

  • 12:35PM
    Bia 's Bóthar (OS)

    Bia 's Bóthar (OS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Tiobraid Árann

    Sraith faoi chúrsaí bia. Ar shiopa neamhchoitianta bia agus fíona ar an Aonach, Co. Thiobraid Árann a thabharfaidh Éamonn Ó Catháin a aghaidh inniu. Réiteoidh sé deochanna galánta ansin ar bhád ar an tSionainn.

  • 1:05PM
    Murder She Wrote (TS)

    Murder She Wrote (TS)Sraith 1, Eipeasóid 22

    Murder At The Oasis

    Dúnmharaítear fear mór le rá i ngnó na siamsaíochta.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 9

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Lá Le Mamó nó Daideo (GS)

    Lá Le Mamó nó Daideo (GS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    Mamó Neansaí agus Lilly

    Tá Lilly leis an lá a chaitheamh in éineacht lena Mamó Neansaí inniu. Rachaidh siad chuig an stiúideo ina n-oibríonn Mamó agus taispeánfaidh Mamó do Lilly an trealamh atá de dhíth chun ceol a thaifeadadh. Fillfidh siad ar theach Mhamó ansin agus seinnfidh siad ceol in éineacht. Beidh an-spraoi acu ag imirt chártaí ina dhiaidh sin.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 23

    Tubaiste Eitilte Catboy

    Is í Cailín Luna a tharraingeoidh trioblóid agus is é Catboy a bheidh siar leis.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 72

    Líon Casta an Damháin Alla

    Tugann damhán alla cúnamh do Chat Cliste a chuid bréagán a aimsiú.

  • 3:33PM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 35

    Réiltín Chliste

    Rachaidh Úna ar cuairt chuig a cairde i nGaelscoil de hÍde in Órán Mór i gCo. na Gaillimhe mar go bhfuil scéal acu di darb ainm 'Réiltín Chliste' le cur lena bailiúchán scéalta. Taispeánann Úna dóibh le rudaí iontacha cruthaitheacha a dhéanamh as plátaí páipéir agus déanann siad a ndragan féin as plátaí sula dtugann siad cluas don scéal 'Réiltín Chliste'.

  • 3:44PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 46

    Joey ag Rang Ealaíne

    Beidh an-lá ag Joey inniu ag ceardlann ealaíne. Múinfidh Deirdre dó le bratacha a dhéanamh agus cuirfidh Joey a ainm ar cheann díobh.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 3, Eipeasóid 22

    Greamaithe

    Nuair a thiteann ceann d'aireagáin Simon go talamh, fágtar Alvin agus Simon greamaithe dá chéile.

  • 4:14PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 4, Eipeasóid 22

    Dónall Dána agus an Slándáil Lochtach

    Tá fadhb ó thaobh slándála ag Club na Láimhe Láidre.

  • 4:26PM
    Clarence

    ClarenceSraith 1, Eipeasóid 2

    Scuab Airgid

    Cé nach bhfuil ach dollar amháin ag Clarence, Jeff agus Sumo le caitheamh san áras siamsaíochta féachann siad le spraoi a bheith acu ar aon chaoi.

  • 4:37PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 11, Eipeasóid 22

    Le Gealaí Ar An Ngealach

    Tugann Sandy cuairt ar an ngealach.

  • 5:05PM
    Mo Shaol Do Shaol (GS)

    Mo Shaol Do Shaol (GS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Sraith ina mbabhtálfaidh beirt, nach bhfuil cosúlacht ar bith acu lena chéile, an saol mar a chaitheann siad é ar feadh aon lá amháin. Beidh dúshlán mór le tabhairt i gcrích freisin acu faoi dheireadh an lae. D'fhéadfadh nach mbeadh spéis dá laghad (ná aon eolas!) ag na rannpháirtithe ar chaitheamh aimsire a chéile ach ní bheidh aon rogha acu ach bualadh faoi agus foghlaim go sciobtha - beidh torthaí spleodracha i gceist. Ciara, peileadóir den scoth, a bheidh ag babhtáil leis an ngasóg Aoibhinn an tseachtain seo.

  • 5:19PM
    Adventure Time

    Adventure TimeSraith 1, Eipeasóid 5

    Priosúnaigh An Ghrá

    Tá an Rí Oighir tar éis banphrionsaí a fhuadach agus féachann Finn agus Jake teacht i gcabhair orthu.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 288

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Turas Bóthair (OS & TS)

    Turas Bóthair (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 6

    Tá Turas Bóthair ar ais do shraith eile, an tríú sraith! Sraith ina bhfuil ceamaraí suiteáilte i gcarranna daoine ar fud na hÉireann le deis a thabhairt don lucht féachana dul ag cúléisteacht ar na paisinéirí agus eolas a chur ar na nithe atá ag déanamh tinnis dóibh. Clog an Aingil, réaltchomharthaí, frithghiniúint agus Ionaid Mhaigdiléana a bheidh faoi chaibidil inniu.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 6, Eipeasóid 5

    We've Got Magic to Do

    Sraith ghrinn drámaíochta. Eagraíonn Rory cóisir bhreá do Emily. Ach bíonn sé ina achrann nuair a chastar muintir Logan ar Richard agus ar Emily. Iarrann Lorelai cúnamh ar Richard éileamh árachais an óstáin a shocrú tar éis na tine. Sáinníonn sí Richard freisin faoi nach raibh sé in ann a chur ina luí ar Rory dul ar ais chuig an gcoláiste.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 288

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 24, Eipeasóid 288

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    7 Lá

    7 LáSraith 17, Eipeasóid 28

    Clár cúrsaí reatha seachtainiúil TG4. Déanfar scagadh agus plé ar scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus Gaeltachta.

  • 8:00PM
    Gaeil UK (OS & TS)

    Gaeil UK (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Tabharfaidh Seán Mac an tSíthigh a aghaidh ó thuaidh go Glaschú in Albain sa dara clár den tsraith. Is iad na Conallaigh is treise anseo agus casfaidh sé le Hudie Ó Fearraigh as Gaoth Dobhair a dhéanfaidh cur síos dó ar na hathruithe atá feicthe aigesean ar an gcathair le dhá scor bliain.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 24, Eipeasóid 13

    Ní cheapann Charlie gur cheart do Cholm Mo a phósadh. Buaileann Pádraig agus Tadhg le Katy chun conradh nua Tigh Gaudi a shíniú. Tá a fhios ag Pádraig go bhfuil sé ag déanamh bréag le Katy agus tá sé idir an bád agus an balla ceart anois. Tagann Vince agus John Joe ar réiteach ach ní fada go dtiteann siad amach arís mar gheall ar Chaitríona agus a cuid trioblóidí airgid.

  • 9:00PM
    Glór Tíre Togha & Rogha (OS & TS)

    Glór Tíre Togha & Rogha (OS & TS)Sraith 14, Eipeasóid 3

    An ceathrú sraith déag de Ghlór Tíre le togha agus rogha an cheoil. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Johnny Brady, Patrick Feeney, Mike Denver, Shawn Cuddy, Muintir Sheerin agus Cliona Hagan.

  • 9:30PM
    Opry le Daniel (OS & TS)

    Opry le Daniel (OS & TS)Sraith 7, Eipeasóid 6

    Contemporary Country

    Tá Daniel O'Donnell ar ais i bhFóram na Mílaoise chun 'Opry le Daniel' a chur i láthair. Amhránaithe ceoil tíre an lae inniu a bheidh ar stáitse anocht - Donna Taggart, Jacqui Sharkey agus Niamh McGlinchey ina measc. Casfaidh siad amhráin den scoth dúinn ina n-aonar, le chéile agus in éineacht le Daniel féin ar ndóigh.

  • 10:30PM
    Orange Is the New Black (TS)

    Orange Is the New Black (TS)Sraith 3, Eipeasóid 13

    Trust No Bitch

    Tugann Piper deis eile do Flaca a bheith páirteach sa ghnó mídhleathach atá ar bun aici.

  • 0:10AM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 24, Eipeasóid 13

    Ní cheapann Charlie gur cheart do Cholm Mo a phósadh. Buaileann Pádraig agus Tadhg le Katy chun conradh nua Tigh Gaudi a shíniú. Tá a fhios ag Pádraig go bhfuil sé ag déanamh bréag le Katy agus tá sé idir an bád agus an balla ceart anois. Tagann Vince agus John Joe ar réiteach ach ní fada go dtiteann siad amach arís mar gheall ar Chaitríona agus a cuid trioblóidí airgid.

  • 0:42AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 288

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:45AM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 20, Eipeasóid 5

    Sliocht Saliega

    Clár faisnéise faoin lincse Ibéarach, an mianach cat is mó atá i mbaol ar domhan. Bhí an mianach seo i mbaol dul i léig ar fad ag tús an chéid. Ní raibh ach 150 acu fanta i Leithinis na hIbéire. Thángthas ar Saliega ansin, an chéad lincse Ibéarach riamh a thóg cinn óga i ngéibheann. Chuir sin tús le tionscadal uaillmhianach an lincse Ibéarach a thabhairt slán agus iad a thabhairt ar ais i bhforaoisí na Meánmhara, ina ngnáthóg dúchais.

  • 1:50AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 288

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.