Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 19 Lúnasa

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 231

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 15

    Linn Snámha

    Téann Rita agus Crogall chuig an linn snámha. Ach níl aon chead ag ainmhithe isteach ann. Céard a dhéanfaidh siad?

  • 7:07AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 16

    Cairde

    Tagann Siobhán ar cuairt go dtí Rita agus ní fada go bhfágtar Crogall leis féin.

  • 7:12AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 7

    Fiacail Chorrach

    Tá Wingston ag ceapadh gur iontach an rud é go bhfuil a fhiacail bogtha - go dtí go bhfaigheann sé amach go mbeidh sióg na bhfiacla ag teacht.

  • 7:20AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 8

    An Pictiúr

    Tá an oiread sceitimíní ar Meepa go bhfuil pictiúr ranga le tógáil nach bhfuil sí in ann fanacht socair.

  • 7:27AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 6

    Ceist an Mholtóra Chantalaigh

    Caithfidh Peg agus Cat dul i bhfeidhm ar mholtóir cantalach i gcomórtas amhránaíochta.

  • 7:39AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 16

    An Stiúrthóir ar Cuairt

    Ó tharla hairicín geallta, cuireann muintir Tearanódóin iallach ar an Stiúrthóir dul ar an bhfoscadh in éineacht leo ina bpluais don oíche.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 2, Eipeasóid 4

    Busanna Phlimpáin

    Tá deireadh curtha ag an Uasal Dris le seirbhís bus Phlimpáin agus níl aon bhealach chuig an trá anois ag Ned ná ag Meg.

  • 7:56AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 4

    Máirtín an Míorchat

    Tagann Máirtín an míorchat chuig teach Wissper mar go bhfuil fadhb aige - tá an baile lán le míorchait.

  • 8:03AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 26

    Róidió

    Ba mhaith le Matt a bheith ina bhuachaill bó.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 4

    Iódal-ay-hee-hoo!

    Foghlaimíonn muintir Furchester le teachtaireachtaí a sheoladh ag iódaláil.

  • 8:25AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 4

    Zou agus an Rás Uisce

    Rachaidh Zou agus Daideo sa tóir ar chadhc don lá deireanach de laethanta saoire an tsamhraidh.

  • 8:38AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 4

    Lorg Coise

    Féachann an Béar lena thaispeáint do Masha le lorg coise ainmhithe éagsúla a aithint.

  • 8:45AM
    Loopdidoo

    LoopdidooSraith 5, Eipeasóid 24

    Ladrann sa Zón

    Is faoi Loopdidoo atá sé a fháil amach cé a bhris drón Basil.

  • 8:51AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 26

    Codladh na gCarad

    Tá Dot chun an oíche a chaitheamh i dteach a cara.

  • 9:03AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 78

    Ar Dhóigh Eile

    Tugann an Cat, Nic agus Sailí cuairt ar thrí ainmhí a dhéanann rudaí ar bhealaí éagsúla.

  • 9:15AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Sarah ar Scoil

    Ar Scoil na bhForbacha i gCo. na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu agus nuair a chloiseann sí go bhfuil teidí le bheith i scéal na scoile seo socraíonn sí a teidí féin, Nell, a thabhairt léi. Réiteoidh siad picnic do na teidithe ar fad agus tabharfaidh Úna cluas do scéalta na ngasúr faoina gcéad lá ar scoil chomh maith le neart a bheith le hithe agus le hól acu ag an bpicnic.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 6

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. I Fishcross a bheidh an fhoireann inniu ag tabhairt aire do cholúr atá gortaithe agus patachán óg atá i mbéal a bháis.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 1

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 4, Eipeasóid 4

    The Handyman

    Cuireann Charles píosa as an teach nuair a bhíonn Caroline ag gearán go bhfuil an chistin róbheag. Ní bhíonn an obair críochnaithe ag Charles nuair a chaitheann sé imeacht agus earraí a thabhairt go Mankato. Fostaíonn Caroline fear óg dathúil leis an obair a chríochnú agus ní bhíonn sé i bhfad go mbíonn sé an-chompordach sa teach.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 7, Eipeasóid 6

    Jamtland cheese Sweden

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna as réigiún Jamtland i lár na Sualainne a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Cuirfidh Will eolas ar cháiseanna bainne gabhair traidisiúnta a aibítear i bpluaiseanna. Blaisfidh sé den cháis is daoire ar domhan a dhéantar as bainne múis sula dtabharfaidh sé aghaidh ar na sléibhte le cuairt a thabhairt ar Dhéirí Myhrbodarna agus ar an gcócaire Magnus Nilsson i Fäviken.

  • 12:15PM
    Dúiche (OS & TS)

    Dúiche (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 5

    Tá Síle Nic Chonaonaigh ar ais agus í ag dul ó cheann ceann na tíre sa tóir ar scéalta agus ar imeachtaí. I gCathair Chorcaí a bheidh Síle inniu go bhfeicfidh sí na buntáistí a bhaineann le rámhaíocht. Tá níos mó i gceist le Meitheal Mara, atá suite i lár na cathrach, ná rámhaíocht agus tógáil curaí, le fiche bliain anuas, tá a gcuid clár agus tograí traenála ag tabhairt cúnamh mór do réimse leathan daoine. Casfaidh Síle le Mark O'Connor, a fuair an ceann is fearr ar ailse bhrollaigh, agus a bhfuil athrú mór tagtha ar a shaol ó insíodh dó go raibh ailse air.

  • 12:45PM
    Tríd an Lionsa (OS & TS)

    Tríd an Lionsa (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Cruachás i gConamara

    Sraith a thugann chun solais an saibhreas atá ar fáil sna taiscí cartlainne de ghrianghraif a tógadh sa tír seo idir 1880-1902. Is é Pádraic Ó Neachtain ár dtreoraí ar an turas taibhsiúil seo d'íomhánna. Scrúdófar bailiúchán de ghrianghraif a d'fhoilsigh Coiste Ardmhéara Bhaile Átha Cliath in 1898, ag léiriú bochtaineacht agus cruatan Gharumna, na Ceathrún Rua & cheantar na nOileán. Ach ar léiriú fíor atá sna grianghraif seo ar theaghlaigh a bhí ag fulaingt gan aon chompord saoil, nó ar cruthaíodh na suíomhanna go speisialta chun tuilleadh airgid carthanachta a mhealladh chuig na ceantair seo?

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 4, Eipeasóid 7

    Election Night

    Tá lá an toghcháin tagtha agus tá Bartlet agus an fhoireann ag scrúdú vótaí na pobalbhreithe. Beidh tionchar mór ag torthaí California ar Sam agus ar Will Bailey, bainisteoir fheachtas na nDaonlathaithe. Castar Jack Ross, ceannasaí sa chabhlach a bheidh anois ag obair sa Teach Bán, ar Donna.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 1

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 16

    Bíodh biseach ort go luath!

    Ligeann an Béar air féin go bhfuil sé tinn le suaimhneas a fháil ó Masha.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 17

    Catboy agus tarrtháil an Cháca Lá Breithe

    Níl Catboy ag éisteacht le Gekko.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 43

    Tabhair Foscadh Dom

    Féachann an Cat Cliste agus a chairde le luí na gréine a fheiceáil i Radharc na hAille ach nach n-athraíonn an aimsir.

  • 3:33PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 54

    An Beart

    Tá fadhb ag Violet nach bhfuil aon bhuachaillín beag in ann a réiteach. An daoine móra amháin atá in ann fadhbanna móra a réiteach meas tú?

  • 3:40PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 55

    Déanann Monty Arís é

    Iarrann an múinteoir ar Monty rud éigin eile a phéinteáil seachas a bheith ag péinteáil an ruda chéanna i gcónaí.

  • 3:50PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 3:52PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 12

    Dónall Dána agus an Planda

    Nuair a fhaigheann Learaí planda nua, bíonn brionglóid ag Dónall go dtosaíonn an planda ag ithe daoine, nó an brionglóid a bhí ann ar chor ar bith?

  • 4:03PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 13

    Dónall Dána agus an Dráma Scoile

    Déanfaidh Dónall rud ar bith le nach mbeidh an phríomhpháirt aige i ndráma na scoile.

  • 4:15PM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 46

    Cloch Ghealaí

    Nuair a scriosann Von Bolt cloch ghealaí na hiarsmalainne caithfidh ár gcairde ceann nua a aimsiú.

  • 4:27PM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 2, Eipeasóid 47

    Banríon na mBeach

    Nuair a chuirtear ga i nGráinne, déantar beach fhíochmhar di.

  • 4:38PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 1, Eipeasóid 17

    Anam san Ionam /Liathróid Coirte

    Caithfidh na páistí taispeáint go bhfuil siad sách láidir le himirt ar Pháirc Dinkly.

  • 5:00PM
    An Fear Bréige (GS)

    An Fear Bréige (GS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    An Craobh

    Bíonn comórtas na bhFear Bréige i nDarú, Co. Laois gach bliain agus i mbliana beidh fir bhréige na ndaltaí san iomaíocht. Is faoi mholtóirí na bliana seo, Éanna Ní Lamhna agus Aindrias de Staic a bheidh sé an buaiteoir a roghnú.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 231

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 18, Eipeasóid 7

    The Coolin River

    Sraith ealaíne á cur i láthair ag David Willis. Abhainn Chualainn is ábhar do phéintéireacht an lae inniu bunaithe ar phictiúr as féilire le Thomas & Niamh Burke as an bhFairche.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 4, Eipeasóid 11

    In the Clamor and the Clangor

    Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Lorelai trína chéile go bhfuil Luke ina chónaí in éineacht le Nicole i gceantar eile i Connecticut. Ní mó ná sásta atá Rory go bhfuil fear ina rang atá ag scaipeadh ráflaí fúithi. Éalaíonn Lane amach chun casadh lena grúpa ceoil. Ach nuair a fhaigheann a máthair amach é, caitheann sí amach as an teach í.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 231

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 231

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 18

    Joey ag Marcaíocht ar Chapall

    Ag marcaíocht ar chapall a bheidh Joey inniu in éineacht le Melissa. Taispeánfaidh sí dó ar dtús na nithe ar fad a theastóidh uaidh - clogad, buataisí agus lámhainní. Cuirfidh Melissa a chapall 'Shadow' in aithne dó ansin sula gcuirfidh siad diallait uirthi agus sula rachaidh siad ag marcaíocht ar an trá.

  • 7:30PM
    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)

    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Una Mullally

    Sraith ina dtagann pearsa aitheanta ar eolas faoi imeachtaí a thit amach in Éirinn an lá ar saolaíodh iad. Scrúdóidh an té sin na nuachtáin a foilsíodh an lá a rugadh é agus roghnóidh trí scéal le fiosrú. Rachaidh an t-aoi ar aistear ar thóir breis eolais faoi na scéalta agus chun cainte le daoine a thabharfaidh léargas breise dó orthu. Fiosróidh an t-iriseoir Una Mullally trí scéal a bhí sna páipéir an lá a rugadh í agus casfaidh sí le Vicki Michelle ón gclár teilifíse ''Allo 'Allo!'?.

  • 8:00PM
    GAA 2019

    GAA 2019Sraith 19, Eipeasóid 29

    Buaicphointí na gcluichí a imríodh ar an deireadh seachtaine - Cluichí Ceannais Iomána na Mionúr agus na Sinsear ina measc.

  • 9:00PM
    Glór Tíre Togha & Rogha (OS & TS)

    Glór Tíre Togha & Rogha (OS & TS)Sraith 14, Eipeasóid 3

    An ceathrú sraith déag de Ghlór Tíre le togha agus rogha an cheoil. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Johnny Brady, Patrick Feeney, Mike Denver, Shawn Cuddy, Muintir Sheerin agus Cliona Hagan.

  • 9:30PM
    Scannán: Eve's Bayou (TS)

    Scannán: Eve's Bayou (TS)

    (1997, Dráma) Samuel L. Jackson, Jurnee Smollett-Bell agus Meagan Good na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Kasi Lemmons. Nuair a fhaigheann cailín amach go bhfuil a hathair ag dul i mbradaíl, féachann sí le díoltas a fháil air.

  • 11:25PM
    Racht (OS)

    Racht (OS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Conell Boyle

    Sraith ina bhfiosraítear dúnmharuithe a tharla in áiteanna faoin tír in Éirinn agus cad ba chúis leo. Thángthas ar chorp Chonaill agus é dúnmharaithe ina theach féin in Anagaire, Dún na nGall in 1898. Bhain an choir seo croitheadh ó bhonn as an bpobal áitiúil ach nuair a thosaigh an fiosrúchán, baineadh preab níos mó fós as na daoine nuair a cúisíodh agus a ciontaíodh a mhac ina bhás.

  • 11:55PM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 25

    Carl Lewis / Mo Farah / Sally Pearson

    Cúrsaí Lúthchleasaíochta a bheidh faoi chaibidil anocht ar na Sár-Laochra Spóirt. I measc na lúthchleasaithe a bheidh faoi thrácht beidh Carl Lewis, a bhfuil naoi mbonn óir sna Cluichí Oilimpeacha buaite aige, Mo Farah, an cianreathaí is fearr riamh. Caithfear súil freisin ar an tionchar a bhí ag Sally Pearson as an Astráil ar chúrsaí lúthchleasaíochta.

  • 0:25AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 231

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:27AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 5, Eipeasóid 6

    Swerve

    Moltar Eric in iris aitheanta. Déanann duine a raibh aithne ag Vince orthu fadó éileamh air. Téann Luke i ngleic le scéala faoi Ollscoil Meitidisteach Texas.

  • 1:20AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 231

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.