Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 22 Iúil

  • 5:29AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 203

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 23

    Lá Báistí

    Tá sé ag báisteach agus caithfidh Rita agus Crogall fanacht taobh istigh. Ach céard a dhéanfaidh siad?

  • 7:07AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 24

    Cróice

    Taispeánfaidh Rita do Chrogall le cróice a imirt. Ach ní maith léi go bhfuil Crogall níos fearr aige ná mar atá sise!

  • 7:12AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 19

    Lán Gealaí

    Tá na páistí ar fad ag súil go mór leis an ghealach lán a fheiceáil ag an scoil inniu agus tá súil ag Wingston an t-arracht gealaí a fheiceáil. Tugann a chairde cúnamh dó roicéad spáis a dhéanamh.

  • 7:20AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 20

    Timpiste

    Tá an-spraoi ag na páistí sa rang ag déanamh bád as balúin agus ag spraoi san uisce. Tá Icklewood bocht ag iarraidh dul chuig an leithreas ach tá faitíos air agus bíonn timpiste bheag aige dá bharr.

  • 7:27AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 36

    Ceist Thábhachtach Náisiúnta an Chrainn

    Tá an Leas-Uachtarán i bhfostú i gcrann agus caithfidh Peg, Cat agus an tUachtarán cuidiú len é a thabhairt anuas.

  • 7:39AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 16

    An Stiúrthóir ar Cuairt

    Ó tharla hairicín geallta, cuireann muintir Tearanódóin iallach ar an Stiúrthóir dul ar an bhfoscadh in éineacht leo ina bpluais don oíche.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 36

    Olly agus an Robálaí

    Bíonn Olly síoraí ag iarraidh cúnamh a thabhairt do dhaoine ach níl a chúnamh ag teastáil ó aon duine inniu.

  • 7:56AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 36

    Muca i bhfad uain

    Tá an-spraoi ag na muicíní san abhainn. Nuair a ghlaonn Bean Uí Thuairisg orthu, ní bhíonn siad ag iarraidh teacht isteach! An mbeidh Wissper in ann cúnamh a thabhairt di?

  • 8:03AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 50

    Ubh Mhistéireach

    Péinteálann Matt cathaoir do Fi agus téann sa tóir ansin ar rudaí eile le péinteáil. Tá Tom ag tabhairt aire d'ubh mhistéireach.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 36

    Pearóid Chainteach

    Is maith le pearóid san óstán a bheith ag aithris ar gach tafann, meamhlach agus torann a chloiseann sé! Beidh jab ag ár gcairde smacht a choinneáil ar chúrsaí.

  • 8:25AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 36

    Zou agus an Rothar

    Rachaidh Zou ag rothaíocht inniu.

  • 8:38AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 10

    An Iomarca Daoine

    Tagann col ceathar Masha ar cuairt agus ní bhíonn an Béar in ann iad a aithint thar a chéile.

  • 8:45AM
    Loopdidoo

    LoopdidooSraith 5, Eipeasóid 48

    Uirlis Cheoil

    Déanfaidh Loopdidoo iarracht uirlis cheoil a sheinm le go mbeidh sé in ann a bheith i mbanna ceoil na scoile in éineacht le Petunia.

  • 8:51AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 50

    Gnó Sneachta

    Tá Dot ag iarraidh airgead a dhéanamh as sneachta.

  • 9:03AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 50

    Níl Siad Scanrúil

    Tá Nic agus Sailí ag déanamh masc d'Oíche Shamhna agus tá siad ag iarraidh go mbeidh said an-scanrúil.

  • 9:15AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 36

    Oisín

    Tugann Úna a haghaidh ar Chorcaigh ina veain ach téann sí amú agus bíonn uirthi dul i muinín an mhapa chun Scoil Náisiúnta Réidh na nDóirí i Maigh Chromtha a bhaint amach. Tugann na daltaí le fios di go bhfuil scéal acu di faoi bhuachaill darb ainm Oisín. Bíonn an-spraoi acu le chéile sula dtugann siad cluas don scéal 'Oisín'.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Tá ráth míolta móra sáinnithe i Loch Carnan, cuid acu atá gortaithe agus i mbaol.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 14

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 2, Eipeasóid 17

    Troublemaker

    Éiríonn Iníon Beadle as ina príomhoide ar an scoil de bharr nach bhfuil smacht ar bith ar na daltaí. Tagann Hannibal Applewood, atá thar a bheith géar, ina háit. Cuireann Bean Oleson ina luí air gurb í Laura an té a bhíonn ag cur an ranga trína chéile.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 5, Eipeasóid 5

    Rare Traditional Cheeses from the Hills and Alps - Piedmont

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna Piedmont na hIodáile a bheidh faoi chaibidil inniu. Fiosróidh Will na cineálacha éagsúla Toma a dhéantar sna hAlpa sula dtabharfaidh sé a aghaidh ar chnoic Langhe chun casadh le daoine a bhíonn ag déanamh cáiseanna atá ag dul i léig agus, a bhfuil cosaint acu ón ngluaiseacht Slow Food. Blaisfidh sé de cháis ina bhfuil strufal sna siléir faoi thalamh i Beppino Occeilli.

  • 12:15PM
    Dúiche (OS & TS)

    Dúiche (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 15

    Tabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo le léargas a fháil ar an saol mar a chaitheann daoine é atá ag cailleadh radharc na súl agus daoine eile atá dall. Casfaidh sí le Amie Hynes Fitzpatrick atá ag cailleadh radharc na súl ó bhí sí aon bhliain déag nuair a fuarthas amach go raibh Stargardts ag dul di. Rachaidh Síle go dtí NCBI ansin a thugann cabhair dóibh siúd atá caoch nó atá ag cailleadh radharc na súl. As sin léi go Corcaigh áit a rachaidh sí ag imirt cluiche agus í ag caitheamh scátaí.

  • 12:45PM
    Tour de France - Súil Siar

    Tour de France - Súil SiarSraith 15, Eipeasóid 16

    Súil siar ar an 15ú céim de Tour de France 2019.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 3, Eipeasóid 14

    Night Five

    Téann Bartlet chuig síciatraí mar gheall go bhfuil deacrachtaí aige titim ina chodladh ach baineann an méid a deir an síciatraí leis siar as é. Tá C.J. ar a dícheall cúnamh a thabhairt d'iriseoir atá á choinneáil in aghaidh a thola sa Chongó. Iarrann Sam ar dhlíodóir poblachtach athbhreithniú a dhéanamh ar acht nua atá beartaithe. Bíonn iontas ar Donna nuair a thairgtear post iontach eile di lasmuigh den Teach Bán.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 14

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 24

    Cóisir na Samhna

    Is sióg dhraíochtúil í Masha a fhaigheann cultacha speisialta dá cairde do chóisir na Samhna.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 50

    Téigh Ag Eitilt sa Spéir, a Owlette

    Níl aon mhuinín ag Owlette as a cumas eitilte.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 24

    Comhairleoir na bPéist

    Teastaíonn cúnamh ó Nóinín a gairdín a réiteach. Teastaíonn neart péisteanna uaithi chun go gcoinneoidh siad an ithir folláin.

  • 3:33PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 18

    Teach Cúngach

    Déanann Stan teachín do Monty. Baineann Monty úsáid as a chuid samhlaíochta le rudaí iontacha a chruthú ann.

  • 3:40PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 19

    Gnáth lá Sona

    Tá fonn ar Monty dul ag ceiliúradh. An gcaithfidh ócáid a bheith ar siúl le ceiliúradh a dhéanamh?

  • 3:50PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:52PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 25

    Dónall Dána: Cóisir Tí

    Tarraingíonn Dónall raic nuair a imíonn Mamaí agus Daidí don deireadh seachtaine.

  • 4:03PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 26

    Dónall Dána: Teaghlach Sona

    Tá Dónall agus a mhuintir istigh ar chomórtas don teaghlach is sona.

  • 4:15PM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 28

    Cairde Difriúla

    Cabhróidh ár gcairde sa tsaotharlann le beirt eachtrán taisce luachmhar a aimsiú dá bpláinéad.

  • 4:27PM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 2, Eipeasóid 29

    Ceolchoirm Champa Loch Íochtair

    Tá MacAodh ag iarraidh a bheith ina réalta rac ach níl sé chomh héasca agus a cheap sé. Tá an bandia rac ag iarraidh air dul ar chamchuairt in éineacht léi... go deo!

  • 4:38PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 1, Eipeasóid 25

    Beagnach Deich / An Chéad Bhreithlá do Fee agus Foo

    Eagraíonn Harvey a gcéad chóisir lá breithe do Fee agus Foo ach ní théann cúrsaí mar a bhí socraithe aige.

  • 5:00PM
    An Fear Bréige (GS)

    An Fear Bréige (GS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Scoil Náisiúnta Naomh Breandán

    Sraith a chuireann lenár dtuiscint ar an dúlra agus an timpeallacht. Tá scoileanna fud fad na tíre ag fáil faoi réir do Chraobh Náisiúnta na bhFear Bréige agus déanfaidh siad fear bréige bunaithe ar théamaí éagsúla ina measc uisce, an talamh agus fuinneamh. Uisce agus an bháisteach an téama atá ag daltaí Scoil Náisiúnta Naomh Breandán in Eanach Dhúin i gCo. na Gaillimhe. Foghlaimeoidh na daltaí conas bailitheoir uisce a dhéanamh. Chomh maith le Fear Bréige a dhéanamh don chomórtas, casfaidh na páistí amhrán 'Eanach Dhúin' faoin tragóid a tharla ansin fadó.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 203

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 19, Eipeasóid 13

    Westport House Co. Mayo

    Teach Chathair na Mart i gCo. Mhaigh Eo is ábhar do phictiúr an lae inniu. Téann stair an tí seo i gCuan Mó siar go dtí na 1500idí. Ba le muintir Brown, sliocht Ghráinne Ní Mháille nó Gráinne Mhaol, Banríon Chonnacht an teach atá oscailte don phobal anois.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 3, Eipeasóid 14

    Swan Song

    Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Lorelai ag dul go Nua-Eabhrac in éineacht lena fear nua ach ní maith léi Rory agus Jess a fhágáil astu féin don deireadh seachtaine. Téann Jess chun dinnéir tigh Emily in éineacht le Rory. Cuireann Rory ina leith go raibh sé féin agus Dean ag troid nuair nach mbíonn sé sásta a insint cén fáth a bhfuil a shúil dubh.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 203

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 203

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Róisín ag Feirmeoireacht

    Caithfidh Róisín an lá lena cairde ar an bhfeirm ach sula dtosóidh siad taispeánfaidh Seán di na nithe ar fad a bheidh ag teastáil uathu - buataisí, uirlis chun breith ar chaoirigh agus scuab. Tabharfaidh Róisín cúnamh d'Anne, Seán agus Ellie chun síolta a chruinniú don bhliain seo chugainn agus beidh an-spraoi acu ag treabhadh sna garraithe. Tabharfaidh Róisín cúnamh do Sheán marc a chur ar chaora.

  • 7:30PM
    Tour de France - Súil Siar

    Tour de France - Súil SiarSraith 15, Eipeasóid 2

    Súil siar ar an dara seachtain de Tour de France 2019.

  • 8:00PM
    GAA 2019

    GAA 2019Sraith 19, Eipeasóid 25

    Buaicphointí na gcluichí a imríodh ar an deireadh seachtaine, babhta a 2 de Chraobhchomórtas na Sinsear de Pheil na mBan TG4 ina measc.

  • 9:00PM
    Tour de France - Súil Siar

    Tour de France - Súil SiarSraith 15, Eipeasóid 17

    Súil siar an dara lá scíthe a bhí ag na rothaithe.

  • 9:30PM
    Scannán: La Linea (TS)

    Scannán: La Linea (TS)

    (2009, Aicsean) Ray Liotta, Andy Garcia agus Esai Morales na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir James Cotten. Féachann feallmharfóir le mangaire mór drugaí a dhúnmharú.

  • 11:15PM
    Racht (OS)

    Racht (OS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Molly Bunbury

    Scrúdóidh 'Racht' sé dhúnmharú thubaisteacha a tharla in áiteanna ciúine, iargúlta in Éirinn agus an oidhreacht atá fágtha ina ndiaidh. Sa chlár seo fiosrófar marú Molly Bunbury i gConamara tuairim is sé scór bliain ó shin. Chaith a fear, an Dr Terence Brodie, san éadan í. Maraíodh ar an toirt í. Cuirfear garmhac Terence, Pierce Rood, faoi agallamh ar an gclár seo.

  • 11:45PM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 22

    Jack Nicklaus / Tom Watson / Annika Sorenstam

    Jack Nicklaus, an Béar Órga agus duine de na galfairí ab fhearr riamh; Tom Watson, imreoir cumasach a fuair an ceann is fearr ar Nicklaus uair; agus Annika Sorenstam, an galfaire mná ab fhearr riamh is ábhar do chlár na seachtaine seo.

  • 0:15AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 203

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:20AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 4, Eipeasóid 12

    Labouring

    Tá East Dillon Lions agus Dillon Panthers le haghaidh a thabhairt ar a chéile i gcluiche deiridh na sraithe agus is cinnte gur cluiche maith a bheidh ann agus an dianiomaíocht atá idir na naimhde. Tá an feachtas le Tammy a dhíbirt as a post, mar gur chuir sí comhairle ar Becky faoi ghinmhilleadh, ag treisiú. Beirtear mac óg do Mindy. Gabhtar Uncail Tim nuair a fhaigheann na póilíní amach faoin ngaráiste mídhleathach.

  • 1:10AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 203

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.