Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Máirt 18 Meitheamh

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 169

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 23

    Lá Báistí

    Tá sé ag báisteach agus caithfidh Rita agus Crogall fanacht taobh istigh. Ach céard a dhéanfaidh siad?

  • 7:07AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 24

    Cróice

    Taispeánfaidh Rita do Chrogall le cróice a imirt. Ach ní maith léi go bhfuil Crogall níos fearr aige ná mar atá sise!

  • 7:12AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 23

    Cór na nArrachtaí

    Tá sceitimíní ar Yummble a bheith ar stáitse nó go bhfaigheann sé amach go bhfuil a ghlór ró-bhinn chun amhrán arrachta a chasadh.

  • 7:20AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 24

    Ceannaire Ranga

    Is mó orduithe ná cúnamh a thugann Meepa nuair a dhéantar ceannaire ranga di. Ní mó ná sásta a bhíonn a cuid cairde léi.

  • 7:27AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 12

    Ceist an Ghealltanais

    Ní choinneoidh dada Romeo agus Juliet óna chéile - seachas dineasár b'fhéidir.

  • 7:39AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 12

    Ag Campáil le Mam

    Eagraíonn Bn. Uí Tearanódóin campa do na máithreacha agus a bpáistí.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 12

    An Cairtín Briste

    Tá cairtín déanta ag Stan d'Eoinín don rás agus is cairtín fíor-speisialta í mar go bhfuil ríomhaire inti!

  • 7:56AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 12

    Cara do Phanda

    Is maith le Pól an panda a bheith as féin de ghnáth ach iarrann sé ar Wissper cúnamh a thabhairt dó cara a aimsiú.

  • 8:03AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 16

    Fear Bréige Nua

    Tá drochbhail ar fhear bréige Fi. Tá an t-ádh uirthi go bhfuil Tom thart chun ceann nua a dhéanamh.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 12

    Stáisiún Teilifíse Furchester

    Bunaíonn Phoebe agus Elmo stáisiún teilifíse ionas nach gcaillfidh na lachain an clár is fearr leo.

  • 8:25AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 12

    Zou agus Puipéad Dhaideo

    Milleann Zak puipéad Dhaideo ach réitíonn Zou an fhadhb.

  • 8:38AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 12

    Fan Amach!

    Féachann Masha le gach duine a choinneáil amach as gairdín an Bhéir.

  • 8:45AM
    Loopdidoo

    LoopdidooSraith 5, Eipeasóid 15

    Grá do Ghadharín

    Ceapann Loopdidoo go bhfuil Petunia i ngrá le Basil ar Lá Fhéile Vailintín agus féachann sé le bealach a aimsiú len iad a choinneáil amach óna chéile.

  • 8:51AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 16

    Dot an Tréidlia

    Tá Dot agus Hal ag iarraidh aire mhaith a thabhairt do Scratch.

  • 9:03AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 16

    Róbheag

    Tá an geansaí is fearr le Nic róbheag aige ach níl sé ag iarraidh é a chaitheamh amach.

  • 9:15AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    Síofra Agus An Gas Pónaire

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Chiaráin i gCill Chiaráin, Co na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun cluas a thabhairt do scéal faoi chailín a dhreap gas pónaire chun fathach a fheiceáil. Bíonn an-spraoi acu ag déanamh gas pónaire dá gcuid féin ach meas tú an bhfeicfidh siad an fathach?

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 12

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Cuirtear fios ar an gcigire Leanne McPake chun cás a fhiosrú, ceaptar go bhfuil neamhaird á dhéanamh ar shípéir Gearmánach nach bhfuil ann ach na cnámha.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 20

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Country Girls

    Tosaíonn Mary agus Laura ag an scoil i Walnut Grove. Caithfidh Caroline cur suas le Harriet Oleson, úinéir saibhir shiopa Oleson, agus caithfidh Laura cur suas lena hiníon dána millte, Nellie. Tugann Laura óráid álainn faoina máthair Lá na dTuismitheoirí nuair a fhaigheann sí deacair é aiste a scríobh.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 3, Eipeasóid 7

    Edam and Gouda - The Netherlands

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna Edam agus Gouda a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Cé go bhfuil an Ísiltír ar an dara easpórtálaí is mó cáise san Eoraip níl cáil ach ar dhá cháis de chuid na tíre sin. Tabharfaidh Will cuairt ar Edam agus rachaidh sé chuig seó bia i Rotterdam áit a mblaisfidh sé de roinnt de na cáiseanna a choinníonn muintir na hÍsiltíre dóibh féin. Tabharfaidh Will a aghaidh ar oileán Texel go bhfaighidh sé amach faoin mbealach a ndéantar Gouda.

  • 12:15PM
    Dúiche (OS & TS)

    Dúiche (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 14

    Obair dheonach a bheifear a phlé an tseachtain seo. Tabharfaidh Síle cuairt ar Chumann Naomh Uinseann de Pól agus ar Sheirbhís Bhunúsach Oideachais d'Aosaigh na Gaillimhe a bhraitheann go mór ar oibrithe deonacha. Tabharfaidh sí cuairt ar thionscnamh Bia i gCorcaigh a bhailíonn bia atá beagnach as dáta ó shiopaí agus dáileann ansin é ar eagraíochtaí a chuireann béilí ar fáil do na boicht. I Luimneach, déanfaidh Patról Corbett le Stop a Chur le Féinmharú cur síos ar an obair atá ar siúl acu féachaint leis an méid daoine a chuireann lámh ina mbás féin gach bliain sa chathair a laghdú.

  • 12:45PM
    Comhrá (OS)

    Comhrá (OS)Sraith 3, Eipeasóid 18

    Is í Cáit Ní Bhuachalla as Cill na Martra, Contae Chorcaí a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín. Inseoidh Cáit dúinn faoin uair a rugadh iníon di. Thug sí suas an páiste le huchtú agus ní raibh aon teagmháil aici léi go dtí caoga bliain ina dhiaidh sin. Déanfaidh sí cur síos freisin ar a muintir, daoine uaisle a raibh na céadta acra talún acu. Bhásaigh Cáit ó taifeadadh an clár seo. Go ndéana Dia trócaire ar a hanam.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 2, Eipeasóid 13

    Bartlet's Third State Of The Union

    Éiríonn go maith le óráid Bartlet. Faraor ní fada go n-éiríonn fadhbanna a chuireann lagmhisneach ar fhoireann an Tí Bháin. Faigheann Sam amach gur cúisíodh an póilín a bhí Bartlet ag moladh san óráid seacht mbliana déag ó shin faoi amhrastach a bhualadh suas. Caithfidh Bartlet dul i ngleic lena bhean céile atá olc leis freisin. Thuig Abbey ó óráid Bartlet go bhfuil sé ar intinn aige feachtas a reáchtáil le haghaidh téarma eile ina Uachtarán, rud a gheall sé d'Abbey nach ndéanfadh sé.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 20

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 8

    Ag Tógáil Pictiúr

    Faigheann Masha seancheamara agus tógann sí pictiúir dá cairde ar fad.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 34

    Éacht Rothaíochta Catboy

    Níl Catboy ag iarraidh a rothar a úsáid anocht agus tá an misean i mbaol aige dá bharr.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 8

    Comórtas na mBannaí Ceoil

    Tá Banna Ceoil an Chait Chliste ag fáil faoi réir do Chomórtas Bannaí Ceoil na bPeataí.

  • 3:33PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 61

    Cumhacht an Cheoil

    Rachaidh Monty agus Jimmy Jones ar thuras ceolmhar agus foghlaimeoidh siad faoin tionchar a bhíonn ag ceol ar dhaoine.

  • 3:40PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 62

    Níl tú riamh ró-shean

    Tá Monty ag ceapadh go bhfuil sé ró-shean le bheith ag spraoi le bréagáin. An bhfuil a leithéid de rud ann is a bheith ró-shean le bheith ag spraoi?

  • 3:50PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:52PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 22

    Cé acu Chipette?

    Ceapann na Chipmunks agus na Chipettes go bhfuil suim ag Caoimhín i nduine de na Chipettes.

  • 4:03PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 8

    Dónall Dána Mar Phríomhoide

    Déanann Dónall scrios nuair a bhíonn sé ina phríomhoide ar feadh lae.

  • 4:15PM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 12

    Suim i bhFaisean

    Foghlaimíonn ár gcairde sa tsaotharlann faoi chlónáil agus faoi organáigh atá díreach mar a chéile ó thaobh na géinitice de.

  • 4:27PM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 1, Eipeasóid 12

    Féasta na mBeithíoch

    Éiríonn na campálaithe mór le Poe, a bhíodh ina champálaí tráth.

  • 4:38PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    The Ghost Problem - An Taibhse /Princess is Better than You - Tá Princess Níos Fearr ná Tú

    Tarraingíonn Fee trioblóid uirthi féin sa leabharlann mar nach maith léi taibhsí.

  • 5:00PM
    Na Dúlradóirí (TS)

    Na Dúlradóirí (TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Ioraí Rua

    Níl spéis ag na Dúlradóirí i ní ar bith ach sa timpeallacht - ní nach ionadh! An bhfuil ioraí rua cliste? Cé heile atá i dteaghlach na gcreimirí? Tá Na Dúlradóirí sa tóir ar ioraí rua ach an éireoidh leona créatúir chúthalacha seo a fháil ar scannán? Idir an dá linn, tástálfaidh Fionnuala amharc Choilm... ar mhaithe leis an eolaíocht dar ndóigh.

  • 5:15PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 6

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Inniu déanfar iarracht an phirimid is mó de chupáin phlaisteacha a dhéanamh. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 169

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Scothfhoirne (OS & GS)

    Scothfhoirne (OS & GS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    Meiriceá Theas / An Chróit

    Sraith ina roghnóidh painéal saineolaithe cuid de na himreoirí ab fhearr riamh chun 'scothfhoireann' a chur le chéile. Cé mhéad de na himreoirí ar Shárfhoireann Mheiriceá Theas ar as an mBrasaíl agus an Airgintín iad? Caithfear súil freisin ar na himreoirí is fearr a d'imir don Chróit ó thosaigh siad ag imirt mar fhoireann neamhspleách.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 2, Eipeasóid 13

    A-Tisket A-Tasket

    Sraith ghrinn drámaíochta. Buann Jess lón in éineacht le Rory ag Ceant Bliantúil Ciseán Picnice Stars Hollow agus ní mó ná sásta atá Dean faoi. Bíonn Rory agus Lorelai in árach a chéile freisin - ceapann Lorelai go bhfuil Rory ag caitheamh an iomarca ama in éineacht le Jess.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 169

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 169

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:20PM
    7 Lá

    7 LáSraith 17, Eipeasóid 21

    Clár cúrsaí reatha seachtainiúil TG4. Déanfar scagadh agus plé ar scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus Gaeltachta.

  • 7:45PM
    FIFA Women's World Cup Live

    FIFA Women's World Cup LiveEipeasóid 19

    Craoladh beo ar an gcluiche deiridh i nGrúpa C. Is é Garry Mac Donnacha a bheidh i mbun tráchtaireachta.

  • 10:10PM
    Opry an Iúir (OS & TS)

    Opry an Iúir (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 5

    Derek Ryan

    Tá Opry an Iúir ar ais agus á chur i láthair arís ag Daniel O'Donnell. Beidh Derek Ryan ar an gclár seo agus Eleanor Mc Evoy agus Muireann Nic Amhlaoibh ina n-aíonna speisialta aige. Mar sin, coinnigh comhluadar le Daniel, agus é ag cur sárcheoltóirí tíre in aithne dúinn ó Halla an Bhaile, in Iúir Cinn Trá, Co. an Dúin.

  • 11:20PM
    Orange Is the New Black (TS)

    Orange Is the New Black (TS)Sraith 2, Eipeasóid 10

    Little Mustachioed Shit

    Déanann na príosúnaigh an-iarracht dul i bhfeidhm ar ghrúpa daoine óga a bhíonn ag tarraingt trioblóide sa mbaile agus iad ar cuairt ar an bpríosún. Bíonn Piper ag magadh faoi fheachtas nua Pennsatucky. Cén deireadh a bheidh ar chinneadh Pornstache?

  • 0:30AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 4, Eipeasóid 3

    In the Skin of a Lion

    Tá deacrachtaí ag an gCóitseálaí Taylor agus ag an bhfoireann airgead a fháil do chultacha nua agus geallann sé nithe a d'fhéadfadh achrann a tharraingt idir é féin agus Bean Taylor. Tá Riggins agus iníon na mná atá in aontíos leis ag éirí mór lena chéile. Tá tionchar ag ealaíontóir ar Matt agus ar Julie. Tá níos mó suime ag Landry i Jess anois agus é ag tuiscint go bhfuil scil aici sa pheil.

  • 1:22AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 169

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 1:25AM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 19, Eipeasóid 14

    Bréaga agus Brabach

    Clár faisnéise faoin méid airgid atá caite ag comhlachtaí móra ola le trí scór bliain ar staidéir agus ar thaighde chun beag is fiú a dhéanamh d'athrú aeráide.

  • 2:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 169

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.