Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé hAoine 20 Meán Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 263

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 2

    Seó Tom

    Téann na caoirigh i bhfeidhm ar gach duine lena ndamhsa ach tá Tom fós níos fearr ná iad.

  • 7:15AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 28

    An Capall Gleoite

    Tá na moncaithe bríomhara ag cuardach ainmhí mór éigin a bhfuil neart fionnaidh air. An mbeidh Herbet, an síreach, sásta le toradh a gcuid oibre?

  • 7:22AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 28

    Croch é, caith é, cuardaigh é

    Tá a lúibín gruaige caillte ag bó agus cuireann ár gcairde fios ar dhá luch aisteacha chun cabhrú leo é a aimsiú.

  • 7:33AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 15

    Rúbaí

    Is héileacaptar tarrthála faoi oiliúint í Rúbaí ach ní shábhálann sí an duine ceart riamh! An mbeidh Olly in ann cúnamh a thabhairt di?

  • 7:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 15

    15. Lá Samhraidh

    Tá an teaghlach uilig ar an trá agus iad ag baint sult as an gcéad lá den samhradh. Ba mhaith le Bubu a bheith in ann fanacht ar bharr uisce.

  • 7:49AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 15

    Cá ndeachaigh na Laghairteanna?

    Faigheann muintir Tearanódóin amach nach bhfuil mórán laghairteanna fágtha ar Oileán Laghairte.

  • 8:01AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 15

    Eolaí Teolaí

    Tá bealach nua ag Dot le madraí a ní.

  • 8:13AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 15

    Lá an Phuitigh

    Tá an sneachta leáite agus tá na piscíní ag spraoi ar an gcrandaí bogadaí. Ní fada go mbíonn siad faoi phuiteach.

  • 8:20AM
    Seó Luna

    Seó LunaSraith 1, Eipeasóid 15

    An ólann éisc uisce

    Tá sé ina shamhradh agus tá ár gcairde ag an trá. Ligeann Luna, Jupiter agus Clyde orthu féin gur éisc iad lena fháil amach an ólann iasc uisce. Meas tú céard a fhoghlaimeoidh siad inniu?

  • 8:32AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 49

    Gekko Sár Mhéadaithe

    Níl Gekko sásta an rud a deirtear leis a dhéanamh.

  • 8:45AM
    Dragain Florrie

    Dragain FlorrieSraith 1, Eipeasóid 15

    Hata sa Spéir

    Bíonn Florrie agus Dragan Deas ag ní éadaí nuair a théann hata Paiprice ar iarraidh.

  • 8:55AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 15

    Portráid an Mhuicín

    Tá Monty agus a mhamó ag péinteáil. An gcaithfidh gach pictiúr a bheith réalaíoch?

  • 9:02AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 30

    An Mhuir Chorr

    Tugann Peg agus Cat cúnamh do Odysseus an taiscéalaí an líon bó sa Mhuir Chorr a chomhaireamh.

  • 9:15AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 15

    Róisín ag Déanamh Fráma Pictiúir

    Buaileann Róisín leis an ealaíontóir Áine mar go bhfuil Róisín ag iarraidh fráma pictiúir deas a dhéanamh dá Daideo. Bailíonn siad sliogáin ar an trá ar dtús agus ansin cuireann siad péint ghorm ar an bhfráma. Tá Róisín thar a bheith sásta leis an bhfráma speisialta dá Daideo.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 10

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Cuirtear fios ar oibrí tarrthála chun beir ar éan atá faoi dhríodar de chineál éigin.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 22

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 5, Eipeasóid 13

    Blind Journey (Part 2)

    Tá an-díomá ar Bhean Oleson gur bean dhubh í an feighlí nua sa scoil do na daill.

  • 11:50AM
    Abair Amhrán (OS)

    Abair Amhrán (OS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Sraith a dhéanann ceiliúradh ar amhráin a bhíodh againn ag éirí aníos.

  • 12:05PM
    A Chef's Life (TS)

    A Chef's Life (TS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    Tabharfaidh Vivian cuairt ar fheirm piseanna talún Marty Harper sula mbaintear an fómhar agus ina dhiaidh. Réiteoidh athair Vivian greim a bhíodh aige ar scoil, mála piseanna talún caite isteach i mbuidéal gloine Pepsi agus spreagann sé Vivian le mias de bholg muiceola glónraithe a réiteach le Pepsi in éineacht le liamhás agus piseanna talún. Chomh maith leis sin réiteoidh Vivian greim don mhargadh áitiúil a bhfuil an-tóir air ó dheas, piseanna talún bruite.

  • 12:35PM
    Cósta Uí Chatháin (OS)

    Cósta Uí Chatháin (OS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Carraig Gheal

    Tabharfaidh Éamonn agus an criú aghaidh ar an gCarraig Gheal i gContae Aontroma an tseachtain seo, áit a dtagann go leor bádóirí isteach chun cuain. Tabharfaidh sé cuairt ar Chaisleán Espie, áit a bhfuil anaclann éanlaithe fiáine agus réiteoidh sé mias gliomaigh i mbialann 'Daft Eddies'.

  • 1:05PM
    Murder She Wrote (TS)

    Murder She Wrote (TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Hooray For Homicde

    Ní mó ná sásta atá Jessica go bhfuil scannán uafáis suarach déanta bunaithe ar a leabhar. Bíonn amhras fúithse áfach nuair a dhúnmharaítear léiritheoir an scannáin.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 22

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 3, Eipeasóid 3

    Ceachtanna Tiomána

    Ní maith leis na mic tíre go mbíonn bia gann i gcónaí orthu agus socraíonn siad a bheith ina dtiománaithe tacsaí.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 5

    Gekko agus na Sár Ninjalino

    Tarraingeoidh Ninja na hOíche trioblóid ar na laochra.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 55

    Puimcín ar Shiúl

    Tá Nóinín ag cur isteach ar an gcomórtas don phuimcín is mó ag an gcóisir Oíche Shamhna.

  • 3:33PM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 18

    Aoife agus an Cat

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Uí Cheithearnaigh, i mBéal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun an scéal 'Aoife agus a Cat' a chur lena bailiúchán scéalta. Beidh an-spraoi aici lena cairde beaga ag déanamh a gcuid cat speisialta féin sula n-inseoidh siad an scéal 'Aoife agus a Cat'.

  • 3:44PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 29

    Ríona leis an gCrúdóir

    Rachaidh Ríona ag obair leis an ngabh Páraic a thaispeánfaidh di a mbeidh ag teastáil uaithi - crú capaill, raspa agus casúr. Cuirfidh Páraic an capall bán Tonto in aithne do Ríona. Beidh air seanchrú a bhaint di mar go bhfuil sé caite agus tabharfaidh Ríona cúnamh dó crú nua a chur uirthi ina áit. Gheobhaidh Ríona deis an raspa a úsáid agus déanfaidh sí iarracht tairne a chur sa gcrú. Tá Tonto sásta lena bhróga nua ach ní bhíonn Ríona ró-shásta nuair a iarrann Páraic uirthi an tsráid a ghlanadh. Tabharfaidh siad faoi chluiche beag ansin agus bíonn an-spraoi acu.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 3, Eipeasóid 5

    An Feighlí Cait

    Tugann Theodore aire do chat Bean Uí Thuathail fad agus atá sí as baile ach tá Dave ag iarraidh ar ár gcairde díriú ar a gcuid obair scoile.

  • 4:14PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 4, Eipeasóid 5

    Dónall & An Físeán Ceoil

    Tá Dónall ag iarradh físeán ceoil a dhéanamh... má fhaigheann sé an deis!

  • 4:26PM
    Clarence

    ClarenceSraith 1, Eipeasóid 5

    Tá Cailín ag Clarence

    Bíonn cineál imní bheag ar Clarence nuair a théann sé amach le cailín ón scoil.

  • 4:37PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 11, Eipeasóid 5

    SEANCHAS BOO-KINI BOTTOM

    Tá gach duine ag iarraidh go mbeidh faitíos ar Spongebob Oíche Shamhna.

  • 5:05PM
    C.L.U.B (OS & TS)

    C.L.U.B (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Briain Diolúnaigh

    Tabharfaimid cuairt ar Na Briain Diolúnaigh i gCathair Chorcaí. Is í Rena Buckley, iar-imreoir peile agus camógaíochta Chorcaí, aoi speisialta an chláir seo.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 263

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Lurgan 2K18 (OS & GS)

    Lurgan 2K18 (OS & GS)Sraith 3, Eipeasóid 10

    When we were young

    Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Déanfaidh Calum cur síos ar an gclub grianghrafadóireachta atá sa scoil agus ar an gcúnamh a thugann sé féin don chlub físeáin a dhéanamh don chainéal 'YouTube' atá aige. Casfaidh seisean amhrán nuachumtha "Níos Fearr" agus casfar an t-amhrán "When we were young" le Picture This.

  • 5:50PM
    Lurgan 2K18 (OS & GS)

    Lurgan 2K18 (OS & GS)Sraith 3, Eipeasóid 2

    Paradise

    Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Déanfaidh Noah cur síos ar an deis a fuair sé ceann dá chuid amhrán a chasadh in éineacht leis an Cross Boarder Orchestra of Ireland. Casfaidh sé amhrán nuachumtha "Gan Treoir" agus casfar an t-amhrán "Paradise" le George Ezra.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 5, Eipeasóid 10

    But Not As Cute As Pushkin

    Sraith ghrinn drámaíochta. Tá ríméad ar Rory gur iarradh uirthi Ollscoil Yale a thaispeáint do mhac léinn óna seanscoil. Ach is léir nach bhfuil mórán spéise ag an gcailín óg, Anna, i gcúrsaí oideachais agus téann sí chuig cóisir. Bíonn sé ina achrann den chéad uair idir Luke agus Lorelai nuair a cheannaíonn Lorelai seanbhád athair Luke.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 263

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 24, Eipeasóid 263

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    De Valera i Meiriceá (OS & TS)

    De Valera i Meiriceá (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Cuid a dó den tsraith nua faoin turas achrannach a thug Éamon de Valera ar Mheiriceá i 1919 agus an t-achrann agus an deighilt a tarraingíodh idir é agus ceannairí Gael-Mheiriceánach. Tá an t-aighneas ag méadú agus an dá thaobh ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile. Baisteadh tine ó thaobh na polaitíochta a bhí ann do de Valera a bhí nua ag an bpolaitíocht - ach sheas an méid a d'fhoghlaim sé dó agus d'imir tionchar mór air mar pholaiteoir ina dhiaidh sin - tionchar a d'imir seisean arís ar ais ar Éirinn a linne go ceann leathchéad bliain.

  • 8:30PM
    Port (OS)

    Port (OS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Ciarraí

    Sraith faisnéise ceoil sé chlár á cur i láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh. Rachaidh an bheirt ar aistear ceoil ar fud na hÉireann agus na hAlban. Ar Chorca Dhuibhne a thabharfaidh siad a n-aghaidh an tseachtain seo. Beidh an t-amhránaí James Graham agus an ceoltóir iontach Iain MacFarlane as Albain ina dteannta. Tá cáil mhór ar iardheisceart na hÉireann i dtaobh ceoltóirí mór le rá as Ciarraí. Casfaidh siad leis na bannaí Lumiere agus Cuas agus beidh seisiún breá bríomhar acu le Pádraig Ó Sé.

  • 9:00PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 263

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 9:05PM
    An Western: 3:10 To Yuma (TS)

    An Western: 3:10 To Yuma (TS)

    Russell Crowe, Christian Bale agus Ben Foster na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir James Mangold. Iarrtar ar rainseoir coirpeach, atá gafa ag na húdaráis, a choinneáil fad is atáthar ag fanacht leis an traein chun é a thabhairt chun cúirte in Yuma. Ní fada go dtosaíonn an coirpeach ag imirt an chloiginn ar an rainseoir.

  • 11:15PM
    Ar Intinn Eile (OS & TS)

    Ar Intinn Eile (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Leighis don Intinn

    Sraith faoi chúrsaí meabhairghalair in Éirinn agus mar a caitheadh le daoine a raibh sé ag dul dóibh le trí chéad bliain anuas. An 20ú hAois a bheidh faoi chaibidil sa chlár seo tráth ar tháinig ardú seasta ar líon na ndaoine a bhí ag cur fúthu i ngealtlanna na tíre. Ainneoin gur beag airgead stáit atá á chaitheamh ar chúram meabhairghalair agus go bhfuil gealtlanna ag dúnadh ar fud na tíre tá meabhairghalar ag dul do lear mór de phríosúnaigh na tíre agus dóibhsean atá gan dídean. Cad is ceart a dhéanamh?

  • 0:15AM
    Perpetual Grace LTD (TS)

    Perpetual Grace LTD (TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Eleven

    Tagann an Tréadaí Byron Brown nó Pa, mar is fearr aithne air, ar James, andúileach drugaí ina chnap ar an mbóthar. Tugann sé féin agus Ma abhaile agus insíonn dó faoina mac atá ar iarraidh. Socraíonn James dul á chuardach agus faigheann sé amach go bhfuil sé i Meicsiceo. Ach nuair a théann an lánúin go Meicsiceo á iarraidh féachann James airgead na heaglaise, Our Lady of Perpetual Grace, LTD., a ghoid.

  • 1:20AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 263

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.