Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 20 Bealtaine

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 140

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 42

    Geall

    Tá Mofy ag tóraíocht bláth le caitheamh ag ceolchoirm Chiaráin. Cloiseann sí Robin ag caoineadh. Is cosúil go bhfuil sé gortaithe agus nach bhfuil sé in ann eitilt.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 43

    Mistéir an Ghiotáir

    Tosaíonn an giotár ag damhsa nuair a bhíonn Ciarán á sheinm.

  • 7:13AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 1

    Lá na Mistéire

    Tá neart mistéirí le réiteach ag Pip agus ag Streak i gClós na mBalún inniu.

  • 7:20AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 20

    Plup Plap

    Ní maith le Deeno bosca ceoil Norbet. Cruthaíonn na hOlobobanna Súiteoir Fuaime ach ní théann cúrsaí mar is ceart dóibh.

  • 7:25AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 32

    Ainmhithe Trioblóideacha

    Tá gach duine ag obair go crua. Gach duine seachas na caoirigh dhána!

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 33

    Fiacail Diúil

    Tá chéad diúlfhiacail Bhlasta tite.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 34

    Piscíní ag Tumadh

    Tabharfaidh Daideo na piscíní ag tumadh.

  • 7:45AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 44

    Froigín

    Castar frog cairdiúil ar Meepa sa ghairdín dúlra agus socraíonn sí é a choinneáil mar pheata. Ach ní fada go dtuigeann sí go bhfuil obair mhór ag baint le haire a thabhairt do frog fiáin.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 3

    An Blas is Fearr

    Caitheann Olly agus Stan i bhfad sa scuaine chun uachtar reoite a cheannach lena fháil amach go bhfuil sé ar fad díolta ag Mario.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 4

    Rac 's Ról

    Tá an príomhoide Tabitha i bponc mar nach bhfuil córas teasa na scoile ag obair. Cabhraíonn Stan agus Olly léi ceolchoirm a eagrú le hairgead a bhailiú.

  • 8:03AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 33

    Giorraíonn Beirt Bóthar

    Caithfidh Hal agus Dot dul ar shiúlóid charthanachta.

  • 8:15AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 52

    Na hUain Cheolmhara

    Teastaíonn cúnamh Phoebe, Elmo agus Fergus ó chaora a bhíonn ag damhsa.

  • 8:26AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 20

    Baintear Ga as Stangadh

    Ligeann Stangadh air féin go bhfuil sé bailithe glan as a mheabhair le go mbeidh sé in ann an mhil a ghoid.

  • 8:40AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 1

    An Crio-Criogar

    Dúisíonn torann Bubu, Biel agus Bonie as a gcodladh. Meas tú céard atá ann?

  • 8:51AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 18

    Ag Níochán

    Bíonn an Béar seasta ag níochán éadaí Masha.

  • 8:58AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 7

    Arrachtaí

    Samhlaíonn Monty mar a bheadh an saol dá mbeadh arrachtaí ina gcónaí faoin leaba.

  • 9:05AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 38

    Zou agus an Ráth Sneachta

    Tiocfaidh Zou agus Daideo i gcabhair ar Zoroaster agus Zigmund inniu.

  • 9:16AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 42

    Connie sa Chathair

    Rachaidh Úna ar cuairt chuig Scoil Náisiúnta Cholmcille i Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe mar go bhfuil scéal ar leith acu di faoi chaora a théann ar thuras traenach go dtí an chathair. Bíonn siad an-ghnóthach sa rang ag déanamh traein dá gcuid féin. Rachaidh siad ar thuras traenach le chéile sula dtugann siad cluas don scéal 'Connie sa Chathair' Choo! Choo!

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 4, Eipeasóid 1

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Thángthas ar Shap-pei, darb ainm Kai, agus é tréigthe agus táthar sa tóir ar bhaile nua dó anois.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 30

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 15

    Uncle Jed

    Tá sean-uncail James agus Cassandra ag iarraidh a bheith ina chaomhnóir acu. Is sa chúirt a chríochnaíonn an scéal áfach.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 8, Eipeasóid 5

    The Cheesemakers of Vermont

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. I Vermont a bheidh Will agus a iníon Ellie ar chlár an lae inniu. Tabharfaidh an bheirt a n-aghaidh ar Fheirm Jasper Hills chun blaiseadh den cháis chéadair Cabot agus den cháis ghorm Baylee Hazen atá déanta ag na deartháireacha Andy agus Mateo Kehler. Tabharfaidh siad cuairt freisin ar Allison Hooper agus ar an déirí úrscothach atá aici chun blaiseadh de na cáiseanna gabhair a dhéanann sí.

  • 12:15PM
    Logainm (OS & TS)

    Logainm (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 22

    Dúlra agus Ainmhithe

    Sraith ina dtugtar léargas ar logainmneacha na hÉireann, staidéar a thugann chun solais go leor den saibhreas tíreolaíochta atá ar fáil iontu. Le cabhair ó shaineolaithe agus ó thuairiscí ó láithreacha ar fud na tíre, fiosróidh Breanndán Ó Beaglaoich na logainmneacha atá sa Ghaeilge. Logainmneacha a bhfuil baint acu leis an dúlra agus le hainmhithe na hÉireann a bheidh á bplé ar an gclár seo. Ar phainéal an chláir seo beidh Emma Nic Cárthaigh ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Aengus Ó Fionnagáin, scoláire ar na logainmneacha.

  • 12:45PM
    Níos Conallaí ná na Conallaigh (OS & TS)

    Níos Conallaí ná na Conallaigh (OS & TS)Sraith 16, Eipeasóid 10

    Níos Conallaí ná na Conallaigh

    Clár faoi theaghlach as an bPunjab i dtuaisceart na hIndia atá ag cur fúthu i dTír Chonaill le 50 bliain beagnach. Tháinig Davinder Mehan go Dún na nGall sna 1960idí agus chuaigh ag obair lena uncail, mangaire éadaí a bhí lonnaithe ann le 30 bliain roimhe sin. D'fhoghlaim sé a cheird ag rothaíocht sna Rossa agus ar fud na Gaeltachta ag díol éadaí, an chéad duine dá chine dá bhfaca go leor de mhuintir an dúthaigh sin. Phós sé a bhean Ramesh, tamall ina dhiaidh sin, bean nár casadh leis ach uair amháin roimh an bpósadh mar gur cleamhnas a bhí ann, cineál cosúil le sean-nós na nGael.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 1, Eipeasóid 15

    Celestial Navigation

    Tugann Josh léacht do mhic léinn faoin saol oibre atá ag foireann shinsearach an Tí Bháin. Téann Sam agus Toby chuig Connecticut chun cuidiú le Roberto Hendoza, fear atá ainmnithe le beith ina Bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach. Tógann na póilíní, Mendoza, fear nár ól aon deoir riamh, faoi a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil. Creideann Mendoza gur tógadh é mar gur Easpáinneach é. Ní bhíonn Mendoza sásta an príosún a fhágáil ansin mar go bhfuiltear ag sárú a chuid cearta daonna.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 30

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 21

    Ríona ag Rang Damhsa ar an Sean-nós

    Rachaidh Ríona chuig rang damhsa ar an sean-nós den chéad uair. Buailfidh sí leis an múinteoir Aoife a thaispeánfaidh di a mbeidh ag teastáil uaithi - bróga damhsa, dlúthdhiosca agus buidéal uisce. Cuirfidh Ríona uirthi na bróga damhsa agus glacfaidh sí páirt sa rang in éineacht leis na damhsóirí óga Niamh, Ríona eile agus Rónán. Múinfidh Aoife cúpla céim bhunúsacha dóibh agus déanfaidh siad neart cleachtaidh. Tabharfaidh Niamh agus an Ríona eile taispeántas damhsa ar an sean-nós agus ina dhiaidh sin tabharfaidh Ríona a taispeántas damhsa féin.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 35

    An Ridire Cróga

    Tá Monty ag iarraidh a fháil amach an mbíonn faitíos ar dhaoine fásta.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 20

    Ní Hí Seo an Mama

    Tagann Bubu, Biel agus Bonie ar ainmhí óg sa bhforaois agus féachann é a thabhairt ar ais chuig a mhamaí.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 75

    Mo Stíl Gruaige

    Tá Nic agus Sailí ag iarraidh stíl nua gruaige. Tugann siad cuairt ar chairde Chait le comhairle a fháil.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 76

    Leac Oighear

    Níl aon leac oighir fanta ag Nic ná ag Sailí. Tugann an Cat chuig Bróna, an béar bán, iad.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 21

    An Cluiche Sacair

    Níl Alvin ag iarraidh dul chuig picnic an teaghlaigh mar go bhfuil ticéid aige do chluiche mór sacair.

  • 4:13PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 4, Eipeasóid 29

    Dónall Dána: Puisín ar a Chúisín

    Cuireann Dónall fios ar chúisín nua nuair a mhilleann an cat an ceann a bhí aige.

  • 4:24PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 12

    Cara Pinn

    Cruthaíonn Angelo cara pinn bréige dá thionscadal scoile ach an gcreidfidh an Máistir Mac Spág é?

  • 4:35PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 2, Eipeasóid 21

    An Seó Ardtráthnóna le Harvey Beaks & An tAonbheannach Draíochta

    Tá a chlár féin ag Harvey agus tá cuireadh tugtha aige dá chuid cairde a bheith ar an seó chuile sheachtain chun beagán cainte a dhéanamh fúthu féin. Ach ní chuile chara a fhaigheann an deis. Cloiseann Harvey agus a chuid cairde faoi Aonbheannach Draíochta a thagann chuig Littlebark uair amháin chuile dheich mbliana agus go bhfaigheann an té a thagann air ar dtús mian a gcroí.

  • 5:00PM
    Is Eolaí Mé (GS)

    Is Eolaí Mé (GS)Sraith 1, Eipeasóid 16

    Ainmhithe

    Tabharfaidh Caoilfhionn Ní Ghríofa agus Caomhán Ó Tuathail cuairt ar Pheadar sa stiúideo agus féachfaidh siad lena gcuid iontas féin a dhéanamh. Beidh an-spraoi ag Peadar nuair a thiocfaidh a chara Cathal Ó Loingsigh, ar tréidlia é, chuig an stiúideo. Tabharfaidh Peadar cuairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann agus beidh Úna agus a cairde as Scoil Iognáid in éineacht leis an sealgaire feithidí Michel in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus foghlaimeoidh siad le feithidí a aimsiú agus iad a scrúdú.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 140

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 18, Eipeasóid 11

    Heading Home

    Radharc i gContae Chiarraí is ábhar do phéintéireacht an lae inniu.

  • 6:00PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 1, Eipeasóid 19

    Emily In Wonderland

    Sraith ghrinn drámaíochta. Baintear siar as Emily é nuair a fheiceann sí an teach inar tógadh Rory ann nuair a d'fhéadfadh sí a bheith fanta in éineacht léi féin agus le Richard. Féachann Emily le seomra álainn a réiteach do Rory ina teach féin. Cuireann Lorelai ina luí ar Luke seans eile a thabhairt do chailín a mbíodh sé ag dul amach in éineacht léi.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 140

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 140

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Tithe Cois Farraige (OS & TS)

    Tithe Cois Farraige (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    Cósta an Oirthear

    Sraith 8 gclár a thabharfaidh léargas ar áilleacht agus ar éagsúlacht árais chónaithe le cósta in Éirinn. Ar chósta thoir na tíre a bheidh Síle Nic Chonaonaigh sa chlár seo. Casfaidh sí leis an ailtire Simone Stephenson agus tabharfaidh sí cuairt ar Thúr Martello atá athchóirithe ag Simone i nDeilginis.

  • 8:00PM
    GAA 2019

    GAA 2019Sraith 19, Eipeasóid 17

    Buaicphointí na gcluichí a imríodh ar an deireadh seachtaine.

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 11, Eipeasóid 4

    Rogha agus togha an aonú sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Hugo Duncan, Paddy O Brien, Lisa McHugh, Derek Ryan, John Hogan, Trudi Lawlor, Mike Denver, Gerry Guthrie agus Robert Mizzell.

  • 9:30PM
    Scannán: Heaven & Earth (TS)

    Scannán: Heaven & Earth (TS)

    (1993, Aicsean) Tommy Lee Jones agus Hiep Thi Le na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Oliver Stone. Scéal fíor atá sa scannán faoi chailín as Vítneam a d'fhulaing go mór i rith chogadh Vítneam agus ina dhiaidh - máthair óg, trodaí ar son na saoirse, striapach agus bean chéile mhuirshaighdiúir as na Stáit Aontaithe.

  • 0:05AM
    Fir, Marú agus Grá (OS & TS)

    Fir, Marú agus Grá (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    David Murphy

    Sraith ina gcaitear súil ar chásanna dúnmharaithe in Éirinn inar mharaigh an fear a chéile nó a leannán. I mBealtaine na bliana 1996, chonacthas Patricia Murphy ag deifriú abhaile chuig a teach cónaithe in Ascaill Uí Ghríofa i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Ní fhaca éinne ina beatha í ina dhiaidh sin. Thángthas ar a corp tamall ina dhiaidh sa gcomharsanacht. Léirigh an scrúdú iarbháis gur tachtadh í. Cúisíodh a fear céile, David Murphy. Dúradh sa gcúirt go raibh sé i gceist ag Patricia imeacht óna fear céile agus filleadh chun cónaithe ar Chontae an Chláir.

  • 0:35AM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Arsène Wenger / Manuel Neuer / Bastian Schweinsteiger / Frank Lampard

    Arsène Wenger, bainisteoir peile a bhfuil ardmheas air, a bheidh faoi chaibidil ar chlár na hoíche anocht chomh maith le beirt de na himreoirí ab fhearr riamh a bhí ar fhoireann na Gearmáine, Manuel Neuer agus Bastian Schweinsteiger, agus Frank Lampard, imreoir lár páirce mór le rá Shasana.

  • 1:05AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 140

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 1:07AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 3, Eipeasóid 7

    Keeping Up Appearances

    Níl an Cóitseálaí Taylor ag tarraingt rómhaith le hathair an imreora nua. Tagann beirt leanaí le Buddy ar cuairt ach is cosúil go bhfuil siad sách trioblóideach. Seasann Jason an fód maidir leis an bpraghas atá tairgthe ar theach Buddy.

  • 2:00AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 140

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.