Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Déardaoin 22 Lúnasa

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 234

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 21

    Earrach

    Tá buataisí nua ag Rita agus tá sí ag iarraidh dul amach ag léimneach sa phuiteach. Ach níl aon bhuataisí ag Crogall bocht!

  • 7:07AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 22

    Oíche Shamhna

    Gléasann Rita í féin mar a bheadh cailleach ann Oíche Shamhna ach níl sí ró-shásta le Crogall mar chat.

  • 7:12AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 13

    Meepa, an Bhanaltra

    Nuair a ghortaíonn Meepa a lámh téann sí chuig an mbanaltra Sneezle. Tuigeann sí, tar éis na cuairte, an tábhacht atá le haire a thabhairt d'arrachtaí a bhíonn tinn agus socraíonn sí a bheith ina 'Banaltra Ranga'.

  • 7:20AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 14

    Cairt Tomhais

    Bíonn díomá ar Wingston nuair a fhaigheann sé amach nach bhfuil sé chomh hard lena chairde.

  • 7:27AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 9

    An Cheist faoin gCampa Samhraidh

    Rachaidh Peg agus Cat in iomaíocht le foireann ó champa samhraidh eile inniu.

  • 7:39AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 19

    Ceolchoirm do Chriostal agus Rí: Cuid a 1

    Eagraíonn Criostal agus an Rí ceolchoirm chun aird a tharraingt ar an ró-iascaireacht atá á dhéanamh sa Linn Mhór.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 2, Eipeasóid 7

    An Droichead Nua

    Níl Cóil ná Tom in ann a gcuid earraí a sheachadadh de bharr damáiste a bheith déanta do dhroichead an bhaile.

  • 7:56AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 7

    Oscar an Órang-útan

    Casann Wissper le hórang-útan a bhfuil lámha an-fhada air ach tá an ghráin aige féin orthu.

  • 8:03AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 29

    Tom i bhfolach

    Caithfear glaoch ar Tom nuair a théann Rev i bhfostú ar an lá spraoi agus cluichí.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 7

    Tósta le Meangadh Gháire

    Caithfidh Elmo a bheith an-chúramach leis an tósta ar maidin.

  • 8:25AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 7

    Zou an Curadh

    Féachfaidh Zou le curiarracht dhomhanda a bhaint amach le cabhair óna theaghlach.

  • 8:38AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 7

    Tús an Earraigh

    Dúisíonn an Béar in am don earrach. Casann sé le béar baineann álainn san fhoraois.

  • 8:45AM
    Loopdidoo

    LoopdidooSraith 5, Eipeasóid 27

    Loopdidoo Ag Caitheamh Tútú

    Féachann Loopdidoo le damhsa a fhoghlaim le go mbeidh sé in ann damhsa le Petunia i seó damhsa na scoile.

  • 8:51AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 29

    Lámh Chúnta

    Tá Dot agus Hal ag iarraidh cúnamh a thabhairt do dhaoine.

  • 9:03AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 1

    Ag Léim ar an Ghealach

    Foghlaimeoidh Nic agus Sailí faoi dhomhantarraingt.

  • 9:15AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Breithlá

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Naomh Dúigh i gCo. Dhún na nGall a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun cluas a thabhairt do scéal faoi bhreithlá. Bíonn an-spraoi acu ag déanamh cácaí agus is cáca seacláide a bheidh acu ag an gcóisir!

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 9

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Tá Sol, iolar fíréan, ag dul faoi obráid.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 6

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 4, Eipeasóid 7

    To Run and Hide

    Nuair a chinneann sé ar an Dochtúir Baker duine dá chuid othar a thabhairt slán éiríonn sé as a bheith ina dhochtúir i Walnut Grove. Tagann Dr. Logan ina áit agus féachann an Dr. Baker dul chun cinn i saol na feirmeoireachta. Is fear an-olc go deo é an Dr. Logan áfach agus ní bhíonn aon trua aige do na hothair. Féachann Charles a chur ina luí ar Dr. Baker filleadh ar a phost ina dhochtúir.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 8, Eipeasóid 1

    Cheddar Cheese of England

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. In iardheisceart Shasana a bheidh Will agus a iníon Ellie ar chlár an lae inniu, ceantar a bhfuil cáil mhór air as an gcáis chéadair is fearr ar domhan. Seasfaidh siad ag an Bath & West Show, agus tabharfaidh an bheirt a n-aghaidh ansin ar Fheirm Quicke chun blaiseadh de cháiseanna céadair na feirme. Rachaidh siad go hEastát Sharpham i Totnes ansin áit a bhfuil neart cáiseanna agus fíonta agus a bhfuil neart duaiseanna buaite acu ó 1981.

  • 12:15PM
    Dúiche (OS & TS)

    Dúiche (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 8

    Shráidbhaile Éiceolaíoch

    Tá Síle Nic Chonaonaigh ar ais agus í ag dul ó cheann ceann na tíre sa tóir ar scéalta agus ar imeachtaí. I lár na tíre a bheidh Síle inniu chun cuairt a thabhairt ar Shráidbhaile Éiceolaíoch Chloch Shiurdáin i dTiobraid Árann, áit a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta faighte aige mar áit a bhfoghlaimeoidh tú faoi mhaireachtáil inbhuanaithe. Casfaidh Síle le Peadar Kirby, a thóg tithe éiceabhácha i gCloch Shiurdáin, agus le Colm Ó hAnluain a bhfuil a ghnó féin bunaithe aige ann. Rachaimid go Gaillimh freisin go bhfeicimid an saol mar atá ag crúdóir.

  • 12:45PM
    Béaloideas Beo (OS & GS)

    Béaloideas Beo (OS & GS)Sraith 2, Eipeasóid 9

    Tithe

    Tá Seán Mac an tSíthigh ar ais sa stiúideo chun traidisiúin agus nósanna an bhéaloidis sa lá atá inniu ann agus san am atá caite a phlé. Tithe a bheidh faoi chaibidil ar an gclár inniu - na saghsanna tithe traidisiúnta, a leagan amach, an chaoi a n-úsáidtí an spás, na tithe a bhíodh i gceantair áirithe agus an cheird a bhaineann leo. Sa stiúideo le Seán beidh Caomhán Ó Fátharta, an Dr. Fidelma Millane agus an Dr. Patricia Lysaght.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 4, Eipeasóid 10

    Arctic Radar

    Tá Sam ag ullmhú d'fheachtas comhdhála i California. Iarrann sé ar bhainisteoir an fheachtais, Will Bailey, breathnú ar an mbealach a scríobhann Toby óráidí. Idir an dá linn, tá sé ina thrioblóid idir C.J. agus iriseoir atá mí-shásta faoin leagan amach nua atá ar an bpreas-seomra.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 6

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 19

    Ag Foghlaim an Phianó

    Féachann an Béar leis an bpianó a mhúineadh do Masha.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 20

    Catboy agus na Ninjalino beaga bídeacha

    Tá cara nua ag Catboy ach ní mó ná sásta atá sé faoi.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 46

    Damhsa an Gheimhridh

    Grianstad an Gheimhridh atá ann inniu, an lá is giorra den bhliain. Déanann teaghlach Nóinín ceiliúradh ar an ócáid gach bliain ach rinne Nóinín dearmad glan air i mbliana!

  • 3:33PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 60

    Monty Lách

    Níl Monty sásta a chuid rudaí a roinnt níos mó mar nár thug a chara a bhréagán ar ais dó.

  • 3:40PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 61

    Cumhacht an Cheoil

    Rachaidh Monty agus Jimmy Jones ar thuras ceolmhar agus foghlaimeoidh siad faoin tionchar a bhíonn ag ceol ar dhaoine.

  • 3:50PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 3:52PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 18

    Dónall Dána: Cúram Peataí

    Tá Dónall ag iarraidh aire a thabhairt do pheataí daoine eile chun airgead a shaothrú.

  • 4:03PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 19

    Dónall Dána: An Póstaer

    Nuair a dhéanann Dónall póstaer a d'fhéadfadh trioblóid a tharraingt air, bíonn air cúnamh a iarraidh chun é a fháil ar ais ó na múinteoirí.

  • 4:15PM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 49

    Obair Chrua

    Tá ár gcairde faoi bhrú ag iarraidh a dhéanamh amach an chaoi le pacáistí Bob ar fad a stóráil san eitleán rúnda. Tá amhras ar Von Bolt faoi Bob, ceapann sé go bhfuil rud éigin á cheilt aige.

  • 4:27PM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 2, Eipeasóid 50

    Zombaí Craiceáilte

    Déantar zombaí de Shlisín.

  • 4:38PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 1, Eipeasóid 20

    Lúbra Arbhair an Bhrátha / Níl Harvey Scanrúil

    Beartaíonn na hIoraí an-fhaitíos a chur ar na páistí Oíche Shamhna agus éiríonn leo.

  • 5:00PM
    Na Dúlradóirí (TS)

    Na Dúlradóirí (TS)Sraith 1, Eipeasóid 10

    Fianna Rua

    Níl spéis ag na Dúlradóirí i ní ar bith ach sa timpeallacht - ní nach ionadh. Fianna a bheidh faoi chaibidil ag na Dúlradóirí inniu. Céard a itheann an fia? An ndéanann siad fuaim ar bith? Tá na Dúlradóirí ag lorg fianna rua, tá go leor comharthaí ann go bhfuil fianna san áit a bhfuil siad ach b'fhéidir go mbeadh sé an-deacair iad a aimsiú. Idir an dá linn, tá Colm agus Fionnuala ag déanamh machnaimh ar an todhchaí... ar mhaithe leis an eolaíocht dar ndóigh.

  • 5:15PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 5

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Tá na deartháireacha Moffatt ar ais ag féachaint le tuilleadh curiarrachtaí a bhaint amach lena scileanna iontacha tiomána. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 234

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)

    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Una Mullally

    Sraith ina dtagann pearsa aitheanta ar eolas faoi imeachtaí a thit amach in Éirinn an lá ar saolaíodh iad. Scrúdóidh an té sin na nuachtáin a foilsíodh an lá a rugadh é agus roghnóidh trí scéal le fiosrú. Rachaidh an t-aoi ar aistear ar thóir breis eolais faoi na scéalta agus chun cainte le daoine a thabharfaidh léargas breise dó orthu. Fiosróidh an t-iriseoir Una Mullally trí scéal a bhí sna páipéir an lá a rugadh í agus casfaidh sí le Vicki Michelle ón gclár teilifíse ''Allo 'Allo!'?.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 4, Eipeasóid 14

    The Incredible Sinking Lorelais

    Sraith ghrinn drámaíochta. Bíonn uafás ar Rory nuair a mholann Ollamh san Ollscoil di éirí as ceann dá cuid ábhar. Iarrann sí comhairle ar Dean, fear a mbíodh sí mór leis tráth, atá ag obair san óstán anois. Tá chomh mall is atá an obair ar an óstán ag cur as go mór do Lorelai agus is í Sookie a bhíonn siar leis. Féachann Lorelai le cúnamh a fháil ó Luke.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 234

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 234

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 21

    Ríona ag Rang Damhsa ar an Sean-nós

    Rachaidh Ríona chuig rang damhsa ar an sean-nós den chéad uair. Buailfidh sí leis an múinteoir Aoife a thaispeánfaidh di a mbeidh ag teastáil uaithi - bróga damhsa, dlúthdhiosca agus buidéal uisce. Cuirfidh Ríona uirthi na bróga damhsa agus glacfaidh sí páirt sa rang in éineacht leis na damhsóirí óga Niamh, Ríona eile agus Rónán. Múinfidh Aoife cúpla céim bhunúsacha dóibh agus déanfaidh siad neart cleachtaidh. Tabharfaidh Niamh agus an Ríona eile taispeántas damhsa ar an sean-nós agus ina dhiaidh sin tabharfaidh Ríona a taispeántas damhsa féin.

  • 7:30PM
    Seal le Dáithí (OS & TS)

    Seal le Dáithí (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Cailín Áine Ní Tóibín

    Is í Cailín Áine Ní Thóibín, Miss Universe na hÉireann 2017, a bheidh i mbun comhrá le Dáithí. Bhain Cailín babhta ceannais chomórtas Miss Universe amach i Las Vegas. Inseoidh sí do Dháithí faoin gcomórtas agus faoin méid atá ar bun aici chun an pobal a chur ar an eolas faoi chúrsaí meabhairshláinte. Labhróidh sí faoin mbliain a chaith sí ina Miss Universe na Éireann ag tabhairt aitheantais don fheachtas agus don méid a d'fhulaing sí féin ina déagóir. Is oibrí deonach í le Pieta House agus labhraíonn sí go rialta le déagóirí i scoileanna faoi chúrsaí meabhairshláinte.

  • 8:00PM
    Beidh Aonach Amárach (OS & TS)

    Beidh Aonach Amárach (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Gleann Cholm Cille

    Ag taispeántas talmhaíochta Ghleann Cholm Cille i nDún na nGall a bheimid an tseachtain seo. Tá Kathleen McGinley, iarmhúinteoir, réidh don chomórtas cniotála agus cróiseála; tá Shane McIntyre dóchasach go n-éireoidh lena chuid glasraí. Tá súil ag Mairéad Ní Chuinneagáin go n-éireoidh lena cuid grianghraf. Níl a fhios ag John James McLoughlin an bhfreastalóidh sé ar an gcomórtas leis an reithe is fearr atá aige mar go mbeidh an cluiche mór idir Dún na nGall agus Tír Eoghain ar siúl an t-am céanna.

  • 8:30PM
    Barney Bunion (OS)

    Barney Bunion (OS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Cursaí na hOíche

    Fostaítear Barney le súil a choinneáil ar Pauline, bean Conor Quinn, mar go bhfuil sé ag ceapadh go bhfuil fear eile aici. Ceapann Pauline go mbeidh sí in ann an dallamullóg a chur ar Barney agus ar Cecil ach cé a cheapfadh gurb é Billy Bunion, fear nach bhfuil ró-chliste, an té a chuirfidh deireadh le pleananna Pauline?

  • 9:20PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha

    Glór Tíre - Rogha & ToghaSraith 9, Eipeasóid 3

    Togha agus rogha an naoú sraith de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Jimmy Buckley, Susan McCann, Derek Ryan, Stephen Smyth, Lorraine McDonald, John McNicholl, Gerry Guthrie, Lisa McHugh agus Mike Denver ag gabháil fhoinn.

  • 9:50PM
    Taoide (OS & TS)

    Taoide (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Understanding the Tide

    Sraith trí chlár faoin Taoide a taifeadadh ar cheithre mhór-roinn i ndeich dtír. Tabharfar cuairt ar roinnt de na háiteanna is iontaí ar fud an domhain, ó thránna go talamh riascach, eanach agus inbhir chun tuiscint a fháil ar fhórsa damanta na taoide. Beidh scéalta agus cur síos ann ó mhuireolaithe, eolaithe, feirmeoirí agus lucht surfála - daoine a bhíonn i mbun staidéir uirthi, a mbíonn tionchar aici orthu agus iadsan a bhaineann sult as teacht agus imeacht na taoide gach lá dá saol.

  • 10:50PM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 19, Eipeasóid 25

    Ar Scoil san Aonú Aois is Fiche

    Tráth a bhfuil réabhlóid dhigiteach ar siúl ní mór dúinn smaoineamh arís ar chúrsaí oideachais agus léargas a fháil ar na córais is nuálaí ar fud an domhain. Ó Shingeapór go dtí an Fhionlainn, an Fhrainc agus na Stáit Aontaithe - cé aige a bhfuil an córas is fearr? I measc na rannpháirtithe sa chlár seo beidh múinteoirí, tuismitheoirí, daltaí agus lucht oideachais a thabharfaidh léargas ar na córais s'acusan agus mar atá ag éirí leo.

  • 11:55PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 234

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:57PM
    Scannán: Word of Honor (TS)

    Scannán: Word of Honor (TS)

    (2003, Dráma) Don Johnson, Jeanne Tripplehorn agus Sharon Lawrence na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Robert Markowitz. Beidh a dhóthain le déanamh ag Ben Tyson, a bhí ina Leifteanant san arm, é féin agus a bhuíon a ghlanadh ar líomhaintí gurb iad a thug siad faoi sléacht in ospidéal Hue ocht mbliana déag ó shin.

  • 1:40AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 234

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.