Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 24 Meitheamh

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 175

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 7

    Fraocháin

    Téann Rita agus Crogall ag piocadh fraochán sa gcoill agus aimsíonn Rita coinín.

  • 7:07AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 8

    Teachín

    Déanann Rita agus Crogall teachín nua i ngairdín Mhamó.

  • 7:12AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 31

    Mo Sheanscútar

    Tá na páistí ag foghlaim faoi rialacha an bhóthair ar chúrsa an Uasail Marrow. Tá faitíos ar Yummble nach bhfaighidh sé suaitheantas sábháilteachta bóthair mar gheall gur seanscútar meirgeach atá aige.

  • 7:20AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 32

    Breithlá Bhean Uí Shraothartach

    Faigheann Wufflebump amach gurb é inniu breithlá Bhean Uí Shraothartach agus socraíonn an rang gur cheart dóibh bronntanas a thabhairt di.

  • 7:27AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 16

    Sábhálann Peg agus Cat an Domhan: Cuid a Dó

    Cuireann Peg agus Cat fios ar a gcairde ar fad chun an domhan a thabhairt slán ó leath deiridh muice.

  • 7:39AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 16

    An Stiúrthóir ar Cuairt

    Ó tharla hairicín geallta, cuireann muintir Tearanódóin iallach ar an Stiúrthóir dul ar an bhfoscadh in éineacht leo ina bpluais don oíche.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 16

    Olly an Tiománaí

    Bhí Lusaí in ainm an tUasal Dris a bhailiú ón stáisiún ach tá Stan agus Alice aici. Téann Olly chun é a bhailiú ach is fear an-chantalach go deo é!

  • 7:56AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 16

    An Sioráf Spalptha

    Tá Gearóidín an sioráf spalptha ach níl sí in ann dul chomh fada leis an uisce. Tabharfaidh Wissper agus na piongainí cúnamh di.

  • 8:03AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 22

    Cearca Trína Chéile

    Bíonn rudaí aisteacha ag tarlú ar an bhfeirm san oíche. Is mór an mhaith go bhfuil Tom thart chun teacht ar an gcréatúr mistéireach.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 16

    Furchester ar Scátaí

    Tá Funella ag iarradh go bhfaighidh aíonna an óstáin an tseirbhís is fearr.

  • 8:25AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 16

    ZOU agus an Leannán Rúnda

    Tá duine éigin ag faire ar Zou inniu. Ach meas tú cé atá ann?

  • 8:38AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 16

    Bíodh biseach ort go luath!

    Ligeann an Béar air féin go bhfuil sé tinn le suaimhneas a fháil ó Masha.

  • 8:45AM
    Loopdidoo

    LoopdidooSraith 5, Eipeasóid 21

    Loopdidoo an Seandálaí

    Téann Loopdidoo ar thóir cnámha dineasár.

  • 8:51AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 22

    Roicéad sa Spéir

    Tá Dot agus a cuid cairde chun roicéad an duine a dhéanamh.

  • 9:03AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 22

    Gaofar

    Tá Sailí, Nic agus an Cat ag iarraidh eitleog a chur ag eitilt ach níl sé sách gaofar.

  • 9:15AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 16

    An Giorria agus an Toirtís

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil na Maighdine Muire Gan Smál i gCamus, Co. na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun scéal faoi rás idir an Giorria agus an Toirtís a chur lena bailiúchán scéalta. Beidh an-spraoi aici lena cairde beaga ag déanamh a gcuid giorriacha agus a gcuid toirtísí féin as na glasraí a cheannaigh Úna sa siopa.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 6, Eipeasóid 2

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Cuirtear fios ar oibrí tarrthála chun sicín a thabhairt slán ó ghábh.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 24

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 10

    The Raccoon

    Faigheann Mary racún do Laura nuair a bhriseann sí a bábóg ghloine. Bíonn Laura an-sásta leis an racún agus féachann sí lena thraenáil. Tugann sí léi chuig an scoil é ach ní bhíonn sé i bhfad go mbíonn an racún trína chéile agus baineann greim as Laura agus as Jack.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 4, Eipeasóid 3

    Cheeses of Quebec

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna Quebec a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Tá borradh faoi dhéanamh cáise i Quebec, Ceanada. Tabharfaidh Will cuairt ar Quebec chun a fháil amach an raibh aon tionchar ag na lonnaitheoirí as an bhFrainc ar an athbheochan seo. Tar éis dó an cháis thraidisiúnta is sine a dhéantar fós i Meiriceá Thuaidh a fhiosrú, rachaidh sé go lle-aux-Grues in Abhainn St Lawrence lena fháil amach mar atá déantóir beag céadair ag dul i dtaithí ar an margadh.

  • 12:15PM
    Dúiche (OS & TS)

    Dúiche (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 4

    Is i gCairlinn i gContae Lú a bheidh Síle Nic Chonaonaigh an tseachtain seo. Tabharfaidh sí cuairt ar staraí áitiúil, Éamonn Ó hUallacháin chun eolas a fháil ar an mbaile. Casfaidh sí leis na ceoltóirí mór le rá Zoe Conway agus John McIntyre. Rachaidh Síle ansin chuig Ionad Eachtraíochta Chairlinn. Tabharfaidh sí cuairt ar Ros Ó gCairbre freisin chun eolas a chur ar an athchóiriú a rinneadh ar chónra an Fhínín Jeremiah O'Donovan Rossa. Beidh sí i mBaile Mhic Andáin ar deireadh, áit a dtabharfaidh sí cuairt ar Camphill Community, ionad cónaithe do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.

  • 12:45PM
    Leabhar Leighis Hi Brasil (OS & TS)

    Leabhar Leighis Hi Brasil (OS & TS)Sraith 17, Eipeasóid 7

    Leabhar Leighis Hi Brasil

    Clár faisnéise a thugann léargas ar chúlra aduain lámhscríbhinn atá ar coimeád in Acadamh Ríoga na hÉireann. Moracha Ó Laidhe a thug an leabhar chun solais, agus é ag maíomh gur bronnadh air í le linn turais ar oileán Hy Brasil. Tugadh an leabhar dó, a dúirt sé, nuair a leigheas sé spéirbhean ansin. Measadh ag an am, gur áibhéil agus bréaga a bhí i gcuntas Mhoracha. Ach faoi mar a léiríonn an clár seo, tá go leor faoi stair Chonamara le foghlaim óna chúlra agus ceapann scoláirí anois gur ó na Críocha Arabacha a tháinig cuid mhaith den eolas leighis atá sa scríbhinn rúndiamhrach seo.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 2, Eipeasóid 17

    The Stackhouse Filibuster

    Cuireann Seanadóir ceanndána moill naoi n-uair an chloig ar vótáil agus ar shaoire an tSeanaid mar agóid le rialacháin níos géire a áireamh sa mbille leighis mar a bhaineann le cúram sláinte do pháistí a bhfuil uathachas ag dul dóibh. Nuair a fhaigheann Donna amach go bhfuil uathachas ar gharpháiste an tSeanadóra, féachann Josh leis an leasú a dhéanamh ar an mBille.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 24

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 13

    Scannán Scanrúil

    Níor cheart don Bhéar Masha a fhágáil ag breathnú ar scannán scanrúil léi féin.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 39

    Owlette ar leith

    Tá Catboy agus Gekko in ann eitilt anois a bhuíochas d'aireagán nua Romeo ach ní mó ná sásta atá Owlette faoi.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 13

    Cá nDeachaigh na Féileacáin Ar Fad?

    Socraíonn na cairde tearmann nua a dhéanamh do na féileacáin sa ghairdín.

  • 3:33PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 71

    I ndáiríre Monty

    Scriosann Monty tionscadal eolaíochta Jeanie agus tá faitíos air an fhírinne a insint di. Ní fada go dtuigeann sé an tábhacht atá le bheith ionraic.

  • 3:40PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 72

    Mo Chlann

    Bítear ag magadh faoi mhuintir Monty ar scoil. Ba mhaith le Monty dá mbeadh a theaghlach ar nós chuile theaghlach eile.

  • 3:50PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:52PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 27

    An Mháistreás in Easnamh

    Éiríonn an mháistreás as a post de bharr Alvin a bheith an-dána ar scoil. Caithfidh Alvin bealach a fháil len í a thabhairt ar ais.

  • 4:03PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 13

    Dónall Dána agus an Dráma Scoile

    Déanfaidh Dónall rud ar bith le nach mbeidh an phríomhpháirt aige i ndráma na scoile.

  • 4:15PM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 16

    Mistéir an mBurlamán

    Foghlaimíonn ár gcairde sa tsaotharlann faoi tacsanomaíocht agus an rangú ainmhithe.

  • 4:27PM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 1, Eipeasóid 16

    An Dochtúir Craiceáilte

    Tá Éamonn ag iarraidh scannán a dhéanamh. Fad a bhíonn sé á dhéanamh tagann arracht amach as ubh ach nach gceapann sé féin agus MacAodh gur cuid den mhaisíocht atá ann.

  • 4:38PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    Fee's Haircut - Bearradh Gruaige Fee /Harvey's Favourite Book - An Leabhar is Fearr le Harvey

    Bíonn Fee ag breathnú go hálainn tar éis bearradh gruaige ach ní bhíonn sé i bhfad go mbíonn sí ina ciseach arís aici.

  • 5:00PM
    An Fear Bréige (GS)

    An Fear Bréige (GS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Gaelscoil Nás na Ríogh

    Sraith a chuireann lenár dtuiscint ar an dúlra agus ar an timpeallacht. Tá scoileanna fud fad na tíre ag fáil faoi réir do Chraobh Náisiúnta na bhFear Bréige agus déanfaidh siad fear bréige bunaithe ar théamaí éagsúla ina measc uisce, an talamh agus fuinneamh. Ithir an téama atá ag daltaí Ghaelscoil Nás na Ríogh. Chomh maith le Fear Bréige a dhéanamh don chomórtas, foghlaimeoidh siad le cineálacha éagsúla ithreach a aithint lena réiteach chun glasraí a chur.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 175

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 19, Eipeasóid 5

    The cutter "Marigold"

    "An Marigold", bád a tógadh sa bhliain 1892 agus bhí i mBun an Tábhairne i gCuan Chorcaí do sheachtain 'Ford Cork', is ábhar do phictiúr an lae inniu.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 2, Eipeasóid 16

    There's the Rub

    Sraith ghrinn drámaíochta. Téann Lorelai agus Emily chuig spá sláinte don deireadh seachtaine ach ní bhíonn aon tóir acu ar an mbia atá ann! Téann siad chuig bialann in aice leis an spá i ngan fhios. Téann Emily ag damhsa le fear ann darb ainm Chad agus cuireann sí an milleán ar Lorelai nuair a mhothaíonn sí ciontach faoi. Tá Rory ag súil leis an tráthnóna a chaitheamh aisti féin sa bhaile, ach bíonn sé ina raic nuair a thagann Paris, Jess agus Dean chuig an teach.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 175

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 175

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    GAA - Club na mBan (OS & TS)

    GAA - Club na mBan (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Sraith faoi mhná agus cluichí Chumann Lúthchleas Gael a thugann léargas ón taobh istigh dúinn ar shaothar agus ar dhúthracht na mban atá páirteach sna cluichí ag gach leibhéal. Ar an gclár seo, beidh an laoch spóirt as Corcaigh, Rena Buckley atá i mbun a gnó féin ach atá ag iarraidh a bheith ag traenáil freisin. Rachaidh Sinéad Finnegan, a bhfuil gradam All-Star aici chun páirce lena club baile & déanfaidh sí cur síos ar a bhfuil sí ag iarraidh a bhaint amach an séasúr seo chugainn. Buailfimid leis na cairde Ruth & Michelle atá ag fáil faoi réir do Chomórtas Peile na Gaeltachta.

  • 8:00PM
    GAA 2019

    GAA 2019Sraith 19, Eipeasóid 21

    Buaicphointí na gcluichí a imríodh ar an deireadh seachtaine, Craobhchomórtas na Mionúr ina measc.

  • 9:00PM
    A Little Bit Showband

    A Little Bit ShowbandSraith 2, Eipeasóid 1

    Joe Mac

    Clár faisnéise faoin drumadóir as Corcaigh Joe Mac ón mbanna Dixies Showband. Ní hamháin go mbíodh sé ag drumadóireacht sa bhanna ach bhíodh sé ag gabháil fhoinn freisin ann. Chuir cleasaíocht agus acmhainn grinn Joe go mór le seónna na Dixies sna hallaí rince. Cé gur chaith Joe saol maith bhain tubaistí móra dó freisin faraor.

  • 9:30PM
    Scannán: The Social Network (TS)

    Scannán: The Social Network (TS)

    (2010, Beathaisnéis, Dráma) Is iad Jesse Eisenberg, Andrew Garfield agus Justin Timberlake na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir David Fincher. Scéal faoi mar a chruthaigh an mac léinn as Harvard, Mark Zuckerberg an láithreán líonraithe sóisialta Facebook agus an bheirt deartháireacha a chuir ina leith gurb iadsan a cheap é.

  • 11:40PM
    The Field - Crá sa Chré (OS & TS)

    The Field - Crá sa Chré (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Airgead san Aer

    Sraith staire, ina bhfiosraítear an tábhacht atá le talamh do mhuintir na hÉireann agus an spéis atá acu ann. Caithfear súil ar chuid de na cásanna cúirte ba mhó sa tír a bhain le talamh. Mar a úsáidtear airgead le talamh a fháil is ábhar do chlár na hoíche anocht.

  • 0:10AM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)Sraith 1, Eipeasóid 18

    Fernando Torres / Raul / Samuel Eto'o / Giorgio Chiellini

    Beidh ceathrar sárlaochra peile ar chlár na seachtaine seo: Fernando Torres na Spáinne a fhillfidh ar ais arís ar Atletico Madrid, an réalta Raul agus an lorg a d'fhág sé ar Real Madrid chomh maith leis an tosaí is fearr ón Afraic Samuel Eto'o agus an cosantóir Giorgio Chiellini as an Iodáil.

  • 0:40AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 175

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:42AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 4, Eipeasóid 4

    A Sort of Homecoming

    Féachann an Cóitseálaí Taylor leis an bpobal a spreagadh le suim a chur sa bhfoireann agus dul i ngleic leis an achrann atá idir an bheirt imreoirí is fearr uirthi, Vince agus Luke. Téann Riggins ag siopadóireacht le gúna a cheannach in éineacht le hiníon bhean an tí. Téann Julie chuig beár do dhaoine aeracha in éineacht le Devin agus feiceann sí duine ann nach raibh súil ar bith aici leis.

  • 1:35AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 175

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.