Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Sathairn 19 Deireadh Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 292

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 7:02AM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 25

    Carr den Scoth

    Solas agus gach a mbaineann leis a bheidh faoi chabidil ag ár gcairde sa tsaotharlann.

  • 7:14AM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 26

    Lean do Shrón

    Na céadfaí agus luibheolaíocht a bheidh á bplé ag ár gcairde sa tsaotharlann.

  • 7:26AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 39

    Brístín Dhónaill Dhána

    Caitheann Dónall fo-éadaí cailín chuig an scoil trí thimpiste.

  • 7:38AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 40

    Casann Dónall Dána leis an mBanríon

    Tá an Bhanríon ag teacht chuig scoil Dhónaill agus déanfaidh sé rud ar bith le labhairt léi.

  • 7:50AM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 63

    Grágaíl agus Gaisce

    Cabhróidh na cairde le frog nach bhfuil in ann grágaíl.

  • 8:02AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 8:04AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 13

    Crann Scanrúil

    Tugann Annie Tyrannosaurus cuairt ar Ardán Tearanódón don oíche ach níl uaithi ach an crann scanrúil a bhíonn beo san oíche, más fíor do Don é, a fheiceáil.

  • 8:16AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 13

    Tarrthálann Peg agus Cat an Domhan: Cuid a hAon

    Cuireann Uachtarán na Stát Aontaithe fios ar Pheg agus ar Chat chun fadhb ollmhór a réiteach.

  • 8:29AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 46

    An tIasc Órga

    Tá na piscíní le hiasc órga a fháil.

  • 8:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 45

    Teilifís Piscín

    Beartaíonn na piscíní a gcuid clár teilifíse féin a dhéanamh nuair a bhriseann an teilifís.

  • 8:40AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 39

    Glog

    Tagann col ceathar Icklewoo ar cuairt agus cuireann sé chuile rud trína chéile sa seomra ranga.

  • 8:47AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 13

    Carnabhal do Fhi

    Ó tharla gan Fi ná Tom in ann dul chuig an gcarnabhal tá Matt chun an carnabhal a thabhairt chomh fada leosan.

  • 8:58AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 13

    San Aer leis na hÉin

    Ní cosúil go bhfuil Odi an giobaire sásta lena chara Gearóidín an sioráf - is cosúil nach dteastaíonn mórán codlata ó shioráif ach go dteastaíonn go leor codlata ó ghiobairí.

  • 9:06AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 13

    Carr Sleamhnáin na bPiongainí

    Taispeánann Phoebe agus Elmo do dhá phiongain le dul ag marcaíocht ar bhobshleamhnán.

  • 9:17AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 2, Eipeasóid 12

    Taibhse Phlimpáin

    Tá taibhse i bPlimpán agus tá Olly agus Stan chun é a aimsiú.

  • 9:22AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 12

    Tá Sé Chomh Fuar

    Míníonn an t-ulchabhán beag sneachta do na hulchabháin bheaga go bhfásann tuilleadh cleití orthu sa gheimhreadh chun iad a choinneáil te.

  • 9:33AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 52

    Ar an Choiréal

    Níl Nic in ann a chleas draíochta a dhéanamh i gceart.

  • 9:46AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 3, Eipeasóid 13

    Go Síochánta

    Tá long spáis leaindeáilte in aice le teach an Bhéir. Eachtrannaigh atá ann!

  • 9:55AM
    Lá Le Mamó nó Daideo (GS)

    Lá Le Mamó nó Daideo (GS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    Mamó Neansaí agus Lilly

    Tá Lilly leis an lá a chaitheamh in éineacht lena Mamó Neansaí inniu. Rachaidh siad chuig an stiúideo ina n-oibríonn Mamó agus taispeánfaidh Mamó do Lilly an trealamh atá de dhíth chun ceol a thaifeadadh. Fillfidh siad ar theach Mhamó ansin agus seinnfidh siad ceol in éineacht. Beidh an-spraoi acu ag imirt chártaí ina dhiaidh sin.

  • 10:02AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Ríona ag Snámh

    Foghlaimeoidh Ríona le snámh sa chlár seo. Casfaidh sí leis an teagascóir Micheál a thaispeánfaidh di na nithe ar fad a theastaíonn le dul ag snámh - snámhán, banda snámha agus gloiní snámha.

  • 10:15AM
    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)

    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)Sraith 2, Eipeasóid 10

    Ainmhithe Beaga II Tráthnóna

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga atá ina bpeataí an tráthnóna.

  • 10:45AM
    Scothfhoirne (OS & TS)

    Scothfhoirne (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    Meiriceá Theas / An Chróit

    Sraith ina roghnóidh painéal saineolaithe cuid de na himreoirí ab fhearr riamh chun 'scothfhoireann' a chur le chéile. Cé mhéad de na himreoirí ar Shárfhoireann Mheiriceá Theas ar as an mBrasaíl agus an Airgintín iad? Caithfear súil freisin ar na himreoirí is fearr a d'imir don Chróit ó thosaigh siad ag imirt mar fhoireann neamhspleách.

  • 11:15AM
    GAA 2019

    GAA 2019Sraith 19, Eipeasóid 37

    Buaicphointí bhabhtaí éagsúla de Chraobhchomórtais Iomána agus Peile na gClubanna a imríodh ar an deireadh seachtaine.

  • 12:15PM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 19

    Circus Man

    Fanann fear leighis in éineacht le muintir Ingalls. Nuair a thuigeann siad áfach gur mó an tóir atá ag muintir na háite ar phúdair an fhir seo ná cóir leighis Doc Baker, tugann siad bóthar dó.

  • 1:10PM
    Murder She Wrote (TS)

    Murder She Wrote (TS)Sraith 1, Eipeasóid 23

    Funeral At Fifty-Mile

    Téann Jessica ar shochraid cara léi in Wyoming, fear nach raibh a uacht tugtha chun críche aige sula bhfuair sé bás.

  • 2:05PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 5, Eipeasóid 5

    Constituency of One

    Tá sé ina achrann idir Josh agus an Seanadóir Carrick faoi go bhfuil an '101ú Seanadóir' tugtha ar Josh i nuachtán. Faigheann Will tairiscint ón Leas-Uachtarán nuacheadaithe Robert Russell agus ní mó ná sásta a bhíonn Leo nuair nach gcloíonn C.J leis an script maidir leis an tuairisc ar fhuinneamh gualbhunaithe. Tarraingíonn Amy an tUachtarán uirthi féin nuair a thugann sí tacaíocht do Bhean an Uachtaráin maidir le maoiniú a fháil chun foréigean a chosc.

  • 2:55PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 292

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 3, Eipeasóid 19

    Cluiche den Scoth

    Aimsíonn Masha saighdiúirí le cluiche haca a imirt in éineacht léi ach ní fada go dtéann rudaí ó smacht.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 24

    Fan sa bhaile ag sraothartach a Gekko

    Tá Gekko tinn ach ní cheapann sé féin go bhfuil agus níl aon mhaith aige ann go gcabhróidh sé lena chairde san oíche.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 64

    Cóisir sa Lochán Uisce

    Tá díomá ar Gheonaíl go bhfuil an linn snámha triomaithe amach mar go raibh sé ag iarraidh cóisir linne a eagrú.

  • 3:33PM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 35

    Réiltín Chliste

    Rachaidh Úna ar cuairt chuig a cairde i nGaelscoil de hÍde in Órán Mór i gCo. na Gaillimhe mar go bhfuil scéal acu di darb ainm 'Réiltín Chliste' le cur lena bailiúchán scéalta. Taispeánann Úna dóibh le rudaí iontacha cruthaitheacha a dhéanamh as plátaí páipéir agus déanann siad a ndragan féin as plátaí sula dtugann siad cluas don scéal 'Réiltín Chliste'.

  • 3:44PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 28

    Cóil ag Tiomáint

    Tabharfaidh Cóil faoi rásaíocht cairtíní inniu in éineacht le Róisín a thaispeánfaidh dó i dtús báire a mbeidh ag teastáil uathu - cosantóir muiníl, culaith agus clogad. Caithfidh siad súil ar fhíseán sábháilteachta sula n-gcuirfidh Cóil air a chulaith. Taispeánfaidh Róisín dó conas an cairtín a thiomáint agus beidh an-spraoi ag Cóil ag rásaíocht timpeall an rásraoin.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 3, Eipeasóid 4

    Tuairiscí Scoile

    Tá tuairiscí scoile an ranga curtha sa bpost ag an máistreás. Tá Alvin ag iarraidh a bheith roimhe sula bhfeicfidh Dáithí é.

  • 4:14PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Oíche Shamhna Dhónaill Dhána

    Is gearr go mbeidh aonach na scoile ar siúl agus caithfidh Dónall agus Learaí roinnt de na bréagáin nach mbíonn siad ag spraoi leo níos mó a thabhairt uathu.

  • 4:26PM
    Clarence

    ClarenceSraith 1, Eipeasóid 1

    Lá Iontach le Cailín

    Caitheann Clarence lá an-deas le comharsa leis darb ainm Amy. Téann siad ag lorg bollán corr sa pháirc.

  • 4:40PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 2, Eipeasóid 11

    An Bhalscóid & An Síol Dána

    Cuirtear iallach ar Fee agus ar Foo dul ag obair i dteach altranais mar phionós ach castar duine an-speisialta ar Fee fad a bhíonn sí ann. Breathnaíonn Harvey agus a chuid cairde ar scannán thar a bheith scanrúil ach ní bhíonn sé i bhfad go dtuigeann siad go bhfuil duine éigin ag imirt cleas orthu.

  • 5:05PM
    Spongebob Squarepants (TS)

    Spongebob Squarepants (TS)Sraith 5, Eipeasóid 12

    Meatacháin Miotógacha

    Is fada le SpongeBob agus le Patrick go rachaidh siad ar rollchóstóir áirithe ach nuair a bhíonn tromluí aisteach ag SpongeBob ní bhíonn siad ag iarraidh dul air beag ná mór.

  • 5:17PM
    Spongebob Squarepants (TS)

    Spongebob Squarepants (TS)Sraith 5, Eipeasóid 13

    Maisiú Tí

    Cuireann Plankton ina luí ar SpongeBob, Squidward agus ar Patrick gur cheart dóibh an Chum Bucket a mhaisiú nuair a bhíonn an tUasal Krabs as baile.

  • 5:30PM
    Mo Shaol Do Shaol (GS)

    Mo Shaol Do Shaol (GS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Sraith ina mbabhtálfaidh beirt, nach bhfuil cosúlacht ar bith acu lena chéile, an saol mar a chaitheann siad é ar feadh aon lá amháin. Beidh dúshlán mór le tabhairt i gcrích freisin acu faoi dheireadh an lae. D'fhéadfadh nach mbeadh spéis dá laghad (ná aon eolas!) ag na rannpháirtithe ar chaitheamh aimsire a chéile ach ní bheidh aon rogha acu ach bualadh faoi agus foghlaim go sciobtha - beidh torthaí spleodracha i gceist. Ciara, peileadóir den scoth, a bheidh ag babhtáil leis an ngasóg Aoibhinn an tseachtain seo.

  • 5:44PM
    Adventure Time

    Adventure TimeSraith 1, Eipeasóid 5

    Priosúnaigh An Ghrá

    Tá an Rí Oighir tar éis banphrionsaí a fhuadach agus féachann Finn agus Jake teacht i gcabhair orthu.

  • 5:55PM
    Is Maith Liom Pop (TS)

    Is Maith Liom Pop (TS)Sraith 2, Eipeasóid 8

    Duets

    Michael Jackson agus Stevie Wonder, Whitney Houston agus Mariah Carey, Sonny agus Cher, Kenny Rodgers agus Dolly Parton, Diana Ross agus Lionel Richie- tá liosta chomh fada le do lámh acu ann. An tseachtain seo caithfidh muid súil ar na dísréid is fearr le blianta beaga anuas.

  • 6:25PM
    Aifric (OS)

    Aifric (OS)Sraith 3, Eipeasóid 4

    CCTV

    Tá an príomhoide i scoil Aifric tinn den tseafóid ar fad atá ar siúl ag scoláirí na scoile. Beartaíonn sé CCTV a shocrú sa scoil. Cé go gceapann na scoláirí go bhfuil sé scannalach, téann an Máistir Ó Céide níos faide leis an scéal agus déanann sé taifeadadh ar shraith teilifíse bunaithe ar shaol na scoile. Sábhálann laoch le cochall na scoláirí - ach cé hé/hí an laoch?

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 292

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 24, Eipeasóid 292

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    Underdogs (OS & TS)

    Underdogs (OS & TS)Sraith 8, Eipeasóid 6

    Tá Underdogs, sraith chlúiteach CLG TG4, sa tóir arís ar fhoireann peile nua. Beidh foireann bainistíochta nua mór le rá ann i mbliana - is iad sin Mickey Ned O'Sullivan, iar-chaptaen agus iar-bhainisteoir Chiarraí, Valerie Mulcahy Chorcaí, duine de na peileadóirí mná ab fhearr riamh agus Caoimhín Ó Casaide, laoch Ghaoth Dobhair a d'imir le Dún na nGall. Beidh na Underdogs ar ais in Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach an tseachtain seo go bhfaighidh siad amach chomh aclaí is atá siad. Tabharfaidh siad faoina gcluiche dúshláin deiridh freisin.

  • 8:15PM
    Opry le Daniel (OS & TS)

    Opry le Daniel (OS & TS)Sraith 7, Eipeasóid 6

    Contemporary Country

    Tá Daniel O'Donnell ar ais i bhFóram na Mílaoise chun 'Opry le Daniel' a chur i láthair. Amhránaithe ceoil tíre an lae inniu a bheidh ar stáitse anocht - Donna Taggart, Jacqui Sharkey agus Niamh McGlinchey ina measc. Casfaidh siad amhráin den scoth dúinn ina n-aonar, le chéile agus in éineacht le Daniel féin ar ndóigh.

  • 9:15PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 292

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 9:20PM
    Scannán: Pushing Tin (TS)

    Scannán: Pushing Tin (TS)

    (1999, Scannán grinn) John Cusack, Billy Bob Thornton agus Cate Blanchett na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Mike Newell. Éiríonn idir dhá rialtóir aerthráchta, duine acu atá an-chinnte de féin agus an duine eile atá thar a bheith réchúiseach.

  • 11:30PM
    Port (OS)

    Port (OS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Uist

    Sraith faisnéise ceoil sé chlár á cur i láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh. Rachaidh an bheirt ar aistear ceoil ar fud na hÉireann agus na hAlban. Ar Uibhist a Tuath a thabharfaidh siad a n-aghaidh an tseachtain seo. Ina dteannta beidh an píobaire agus seinnteoir bodhrán clúiteach Donnchadh Gough agus an ceoltóir aitheanta Síle Denvir. Casfaidh siadsan le ceoltóirí agus amhránaithe na háite - Rona Lightfoot, Catriona Garbutt, Gillebrìde MacIlleMhaoil agus Seonaidh MacIntyre do sheisiún breá ceoil.

  • 0:00AM
    Orange Is the New Black (TS)

    Orange Is the New Black (TS)Sraith 3, Eipeasóid 13

    Trust No Bitch

    Tugann Piper deis eile do Flaca a bheith páirteach sa ghnó mídhleathach atá ar bun aici.

  • 1:35AM
    Ceol ar an Imeall (OS & TS)

    Ceol ar an Imeall (OS & TS)Sraith 7, Eipeasóid 5

    Sraith deich gclár ina gcuirfear eolas agus aithne ar bhannaí ceoil as Éirinn atá ag teacht chun cinn. Chomh maith le ceol sa stiúideo cuirfear agallamh ar roinnt de na ceoltóirí idirnáisiúnta is suimiúla ar domhan. Fierce Mild agus Dear Desert a bheidh sa stiúideo anocht. Casfaidh Eithne Shortall le Chvrches. Á cur i láthair ag Cian Ó Cíobhán.

  • 2:05AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 292

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.