Nuacht | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Nuacht TG4

  • Daltaí scoile ag léirsiú in Inis, Co an Chláir,
    20 MEÁN FÓMHAR 2019 : 17:16

    Óige na cruinne ag cur le chéile faoi athrú aeráide

    Ghlac na mílte daltaí scoile páirt i léirsithe ar fud na tíre inniu agus iad ag éileamh ar an Rialtas gníomhú láithreach maidir le hathrú aeráide.

  • Cuid de na fir taobh amuigh den chúirt i mBéal Feirste inniu
    20 MEÁN FÓMHAR 2019 : 11:08

    "Céasadh a bhí sa drochíde a tugadh do 14 fear sa Tuaisceart"

    Rialaigh an Chúirt Achomharc i mBéal Feirste go gcaithfidh na póilíní sa Tuaisceart fiosrúchán a bhunú faoin gcaoi ar caitheadh le ceathrar fear déag ar thug Arm na Breataine drochíde dóibh sa bhliain 1971.

  • Agóid ag an monarcha sa Chathair
    20 MEÁN FÓMHAR 2019 : 13:54

    100 oibrí eile ligthe chun siúil ag monarcha feola sa Chathair

    Táthar le 100 oibrí a ligean chun siúil go sealadach ag monarcha feola ABP sa Chathair, Co Thiobraid Árann, de bharr na n-agóidí atá ar bun ag feirmeoirí mairteola ansin.

  • Rúidbhealach athchóirithe á oscailt go hoifigiúil ag an Taoiseach i gCnoc Mhuire
    20 MEÁN FÓMHAR 2019 : 14:24

    Rúidbhealach athchóirithe oscailte go hoifigiúil i gCnoc Mhuire

    D'oscail an Taoiseach Leo Varadkar go hoifigiúil inniu an rúidbhealach athchóirithe ag Aerfort Chnoc Mhuire i gCo Mhaigh Eo.

  • Donald Tusk agus Boris Johnson
    20 MEÁN FÓMHAR 2019 : 16:55

    Tuilleadh cainteanna agus Breatimeacht ag teannadh linn

    Beidh cainteanna faoi imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach ag Uachtarán Chomhairle na hEorpa Donald Tusk agus Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson i Nua Eabhrac Dé Luain seo chugainn.

  • CLG Na Piarsaigh, Ros Muc
    20 MEÁN FÓMHAR 2019 : 10:23

    Plean Teanga Chonamara Láir le seoladh anocht

    Seolfaidh Príomh-Aoire an Rialtais, Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne, Plean Teanga Chonamara Láir i gColáiste Chuimhneacháin an Phiarsaigh i Ros Muc anocht.

  • Rúnaithe scoile i mbun picéid
    20 MEÁN FÓMHAR 2019 : 13:53

    Gníomhaíocht thionsclaíoch ar bun ag rúnaithe scoile

    Cuireadh as do chúrsaí riaracháin ar feadh scaithimh i míle scoil ar fud na tíre inniu mar gheall ar ghníomhaíocht thionsclaíoch uair a chloig a bhí ar bun ag rúnaithe scoile atá ag éileamh ardú tuarastail agus coinníollacha oibre níos fearr.

  • Fuadaíodh Kevin Lunney óna theach cónaithe i bhFear Manach
    20 MEÁN FÓMHAR 2019 : 13:51

    Máirseáil i nDoire Loinn chun tacú le Kevin Lunney

    Eagrófar máirseáil i nDoire Loinn i gCo Fhear Manach inniu chun tacú le Kevin Lunney, an feidhmeannach i gcomhlacht Quinn Industrial Holdings a fuadaíodh agus a buaileadh go dona tráthnóna Dé Máirt seo caite.

  • Daltaí ó Choláiste Bríde, Cluain Dolcáin ag léirsiú inniu
    20 MEÁN FÓMHAR 2019 : 11:21

    Rosc catha daltaí scoile ar son na haeráide

    Tá na mílte daltaí scoile ag leirsiú ar shráideanna na tíre inniu agus iad ag éileamh ar an Rialtais gníomhú láithreach maidir le hathrú aeráide.

  • An Taoiseach Leo Varadkar ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta inniu
    19 MEÁN FÓMHAR 2019 : 17:11

    Cruinniú le bheith ag an Taoiseach agus Johnson i Nua-Eabhrac

    Beidh cruinniú ag an Taoiseach Leo Varadkar le Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson in oifigí na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac an tseachtain seo chugainn.

  • Clocha móra fágtha ag geataí iaróstáin in Uachtar Ard
    19 MEÁN FÓMHAR 2019 : 17:13

    Clocha móra fágtha ag geataí iaróstáin in Uachtar Ard

    Fágadh clocha móra ag geataí iaróstáin in Uachtar Ard go moch ar maidin, mar a bhfuil aighneas faoina bhfuil i ndán don suíomh.

  • Fuadaíodh agus tugadh drochbhualadh do Kevin Lunney
    19 MEÁN FÓMHAR 2019 : 10:52

    Ionsaí ar Kevin Lunney cáinte ag Seán Quinn

    Tá an t-ionsaí a rinne fir a raibh mascanna orthu ar Kevin Lunney, stiúrthóir sa chomhlacht Quinn Industrial Holdings san oíche Dé Máirt cáinte ag an bhfear gnó Seán Quinn.

  • Criú an PB4Y-1 Liberator (Pic: Le caoinchead Marian Nee)
    19 MEÁN FÓMHAR 2019 : 16:56

    Leacht nochta i gcuimhne ar chomhaltaí de Chabhlach Mheiriceá

    Ar an Chlochán i gCo na Gaillimhe inniu, nochtadh leacht i gcuimhne ar chomhaltaí de Chabhlach Stáit Aontaithe Mheiriceá a tháinig i dtír sa cheantar i rith an Dara Cogadh Domhanda.

  • Michael O'Leary
    19 MEÁN FÓMHAR 2019 : 16:43

    Scéim bónais €100m ceadaithe do Michael O'Leary

    Tá móramh beag de scairshealbhóirí Ryanair tar éis vótáil i bhfabhar scéim bónais do phríomhfheidhmeannach an chomhlachta Michael O'Leary a fhágfas €100 milliún níos fearr as é as seo go ceann cúig bliana.

  • Cruinnithe ar bun faoi na léirsithe taobh amuigh de mhonarchana feola
    19 MEÁN FÓMHAR 2019 : 09:46

    Léirsiú fós ag monarcha feola ainneoin vóta ina aghaidh

    Vótáil feirmeoirí a bhí ag léirisú ag monarcha próiseála feola i gCo Phort Láirge i bhfabhar deireadh a chur lena n-agóid ach tá cuid acu fós i mbun picéid ann.

  • Brendan Kilduf
    19 MEÁN FÓMHAR 2019 : 09:45

    Fear a gabhadh faoi mharú Brendan Kilduff scaoilte saor

    Tá an fear os cionn ceithre scór a bhí á cheistiú faoi bhás fir in Achadh Mór gar do Bhéal Átha hAmhnais i gCo Mhaigh Eo arú aréir scaoilte saor ag na Gardaí gan aon chúis a bheith curtha ina leith.

  • An Tánaiste Simon Coveney ag labhairt sa Dáil inniu
    19 MEÁN FÓMHAR 2019 : 12:08

    "Ní fíor go bhfuil dul chun cinn déanta" - Coveney

    Dúirt an Tánaiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, nach bhfuil fírinne ar bith sa chaint go bhfuil iarrachtaí móra ar bun ag Rialtas na Breataine dul chun cinn a dhéanamh faoi imeacht na tíre sin as an Aontas Eorpach.

  • Kevin Lunney
    18 MEÁN FÓMHAR 2019 : 18:08

    Ionsaí ar an bhfear gnó Kevin Lunney cáinte ag Flanagan

    Ionsaí gránna, mailíseach a thug an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan ar an drochbhualadh a tugadh don fhear gnó Kevin Lunney a fuadaíodh i gCo Fhear Manach agus a fuarthas gortaithe i gCo an Chabháin aréir.

  • Fear maraithe tar éis eachtra lámhaigh in Achadh Mór, Co Mhaigh Eo
    18 MEÁN FÓMHAR 2019 : 11:02

    Fear maraithe tar éis eachtra lámhaigh i Maigh Eo

    Lámhachadh agus maraíodh fear os cionn seasca bliain d'aois in Achadh Mór gar do Bhéal Átha hAmhnais, Co Mhaigh Eo, go gairid roimh mheánoíche aréir.

  • Óstán an Connemara Gateway, Uachtar Ard
    18 MEÁN FÓMHAR 2019 : 11:09

    Kyne cáinteach faoin gcaoi a mbunaítear ionaid do theifigh

    Dúirt Príomh-Aoire an Rialtais, an tAire Stáit Seán Kyne, nach bhfuil an próiseas atá ann faoi láthair chun ionaid sholáthair dhírigh a bhunú ceart ná cothrom ach go bhfuil dualgas ar an Stát áit a chur ar fáil do theifigh ina dhiaidh sin féin.

  • Seoladh an chéim in Institiúid Oideachais Marino
    18 MEÁN FÓMHAR 2019 : 18:14

    Tús le céim nua san oideachas trí mheán na Gaeilge

    Chuir an chéad bhuíon scoláirí tús le céim nua - Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge - in Institiúid Oideachais Marino ar maidin. Ábhair múinteoirí bunscoile atá sna mic léinn óga.

  • Feirmeoirí mairteola i mbun picéid
    18 MEÁN FÓMHAR 2019 : 17:00

    Deireadh le hagóidíocht ag monarcha feola i gCo na Mí

    Tá deireadh curtha lena gcuid agóidíochta ag feirmeoirí a bhí ag léirsiú faoi phraghas na mairteola taobh amuigh de mhonarcha Dawn Foods i mBaile Shláine, Co na Mí.

  • Clár imeachtaí Ghaillimh 2020 seolta
    18 MEÁN FÓMHAR 2019 : 18:17

    Clár imeachtaí na féile cultúir Gaillimh 2020 seolta

    Seoladh clár imeachtaí na féile cultúir Gaillimh 2020 ar an bhFaiche Mhór sa chathair tráthnóna. Beidh Gaillimh ina phríomhchathair chultúir na hEorpa ar feadh na bliana.

  • Slua bailithe ag an gcúirt i nDoire inniu
    18 MEÁN FÓMHAR 2019 : 11:48

    Cás an pharatrúipéara "Saighdiúir F" curtha siar

    Tá an cás a bhaineann leis an bhfear a dtugtar Saighdiúir F air - iarshaighdiúir in Arm na Breataine atá cúisithe i mbeirt a dhúnmharú ar Dhomhnach na Fola sa bhliain 1972 - curtha siar go dtí mí na Nollag.

  • Soláthraí: Nuacht RTÉ/TG4

Fógraíocht