Folúntais
Cuntasóir Airgeadais
Conradh Buan
TG4 an tseirbhís náisiúnta teilifíse Gaeilge atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Is corparáid phoiblí craolacháin é TG4 atá bunaithe agus á mhaoiniú ag an Rialtas. Is é an tAire Cumarsáide a cheapann Bord TG4. Tá an cainéal ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain ar an idirlíon. Is foilsitheoir/craoltóir é a fhaigheann formhór a ábhair ón earnáil neamhspleách léiriúcháin, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige. Is mian le TG4 Cuntasóir Airgeadais a earcú a bheidh lonnaithe sa gCeannáras i nGaeltacht na Gaillimhe.
Beidh an té a cheapfar freagrach as an obair seo a leanas maille le cúraimí eile:
- Cuidiú cuntas míosúil Brabúis & Caillteanais agus clár comhardaithe a ullmhú
- Iontrálacha a ullmhú sa leabhar cúnta agus iad a chur isteach
- Ráiteas imréitigh bainc a ullmhú
- Cúnamh taca a chur ar fáil don Mheitheal Creidmheasa & Bailiúcháin
- Cuidiú le buiséid a ullmhú
- Cuidiú le réamh-mheastacháin maidir le sreabhadh airgid
- Clár na Sócmhainní Seasta a choinneáil agus a bhreithniú
- Cuidiú le nósanna imeachta agus polasaithe soláthair
- Tuairisceáin CBL, comhlíonadh na ndualgas maidir le Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide
- Athbhreithniú agus tuairiscíocht maidir le costais foirne agus barrchostais
- An cháipéisíocht maidir le próisis agus leis an rialáil inmheánach a choinneáil i gcaoi mhaith agus a chinntiú go gcloítear lena bhfuil inti
- Próisis agus córais nua a fhorbairt agus a shruthlíniú de réir mar is gá chun a chinntiú go mbeidh an rannóg chomh héifeachtach agus is féidir
- Eolas faoi chostais a chur ar fáil don lucht bainistíochta agus do ranna eile de réir mar is gá
- Tuairiscí reachtúla agus tuairiscí inmheánacha faoi chúrsaí airgeadais a chur ar fáil go tráthúil
- Cuidiú le hullmhú d’iniúchóireacht inmheánach/sheachtrach
- Cuidiú le / freastal ar chruinnithe Boird agus Fochoistí an Bhoird
- Eolas maidir le tuairisceáin mhíosúla agus bhliantúla a ullmhú le cur chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh
- Obair ar thionscadail ad hoc de réir mar a éilítear
- A bheith mar bhall foirne éifeachtach a spreagfaidh fuinneamh agus feabhas leanúnach sa rannóg
Nithe atá riachtanach don phost seo
- Ní foláir don té a cheapfar a bheith ina chuntasóir láncháilithe (cáilíocht ACA/ACCA/CIMA nó a comhionann) chomh maith le taithí roimhe seo ar rialachas airgeadais agus iniúchta.
- A bheith ábalta oibriú faoi bhrú agus le dithneas i dtimpeallacht ghnóthach.
- Ábalta oibriú go muiníneach as do stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.
- A bheith dírithe, ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann agus taithí chruthaithe i ról den chineál céanna.
- Taithí mhaith ar ríomhairí (sárthuiscint ar Excel, MS Office agus an cumas córais nua a fhoghlaim go tapa)
- A bheith pointeáilte i dtaobh mionsonraí agus a bheith loighciúil i do chuid smaointeoireachta
- Buntáiste a bheadh ann tuiscint a bheith agat ar nósanna imeachta soláthair phoiblí
- Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge líofa agat, idir scríobh agus ó bhéal.
Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie nó chuig Oifig an Ard-Stiúrthóra, TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, H91 X4T0, roimh an 4pm Dé hAoine an 29 Samhain 2019.
Is fostóir comhionannas deiseanna é TG4. Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4. Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.