Underdogs 2019 | Spórt | CLG | Comórtas | GAA | Peil Gaelach Skip to main content
Menu

Underdogs

Déar
21:30
Sath
19:15
     

Tá Underdogs, sraith chlúiteach CLG TG4
sa tóir arís ar fhoireann peile nua.

Athchraoladh Dé Sathairn @ 19:15

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Tá Underdogs, sraith chlúiteach CLG TG4, sa tóir arís ar fhoireann peile nua. Beidh foireann bainistíochta nua mór le rá ann i mbliana - is iad sin Mickey Ned O'Sullivan, iar-chaptaen agus iar-bhainisteoir Chiarraí, Valerie Mulcahy Chorcaí, duine de na peileadóirí mná ab fhearr riamh agus Caoimhín Ó Casaide, laoch Ghaoth Dobhair a d'imir le Dún na nGall. Beidh na Underdogs ar ais in Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach an tseachtain seo go bhfaighidh siad amach chomh aclaí is atá siad. Tabharfaidh siad faoina gcluiche dúshláin deiridh freisin.

Chéad Taispeántas: 17 Dfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Underdogs 2019

Tá ‘Underdogs’, sraith chlúiteach CLG TG4, sa tóir arís ar fhoireann peile nua. Tá grúpa fear atá cumasach, díocasach agus aclaí ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar cheann de na foirne peile Gaelaí is fearr sa tír.
Beidh foireann bainistíochta nua mór le rá ann i mbliana, triúr laochra imeartha tráth atá anois ar an taobhlíne; is iad sin Mickey Ned O’Sullivan, iar-chaptaen agus iar- bhainisteoir Chiarraí, Valerie Mulcahy Chorcaí, duine de na peileadóirí mná ab fhearr riamh agus Caoimhín Ó Casaide, laoch Ghaoth Dobhair a d’imir do Dhún na nGall.
Beidh ar an bhfoireann bainistíochta painéal peile a roghnú a bheidh sách maith le haghaidh a thabhairt ar fhoireann idirchontae mór le rá. Níl ach aon riail amháin ann, is é sin nár imir siad peil Ghaelach ag leibhéal sinsear idirchontae craoibhe riamh.

Eolas na dTicéad

Beidh Underdogs ag tabhairt faoi cheann de na foirne peile gaelaí is fearr sa tír, seaimpíní na sraithe náisiúnta – Co. Mhaigh Eo – i gcluiche ceannais na sraithe. Imreofar an cluiche seo oíche Shathairn an 26ú Deireadh Fómhair faoi shoilse i bPáirc Mhic Éil i gCaisleán an Bharraigh, i gCo. Mhaigh Eo. Agus beidh neart ábhair spéise eile ar an oíche chomh maith le cluiche dushláin idir Laochra Mhaigh Eo ó 1996 agus 2006.

Is féidir ticéid a cheannach anois don oíche speisialta seo. Téigh chuig suíomh tickets.ie
Costas: €10 Duine Fásta/Páistí Saor in aisce*

 

 
 

Insure My Van

Físeáin ar Fáil