Súile Londain | Clár Fáisnéis | Eisimirceach | TG4 | Skip to main content
Menu

Súile Londain

     

Sraith nua a thabharfaidh léargas ar shaol
mhuintir óga na hÉireann atá ag cur fúthu i Londain.

Fógraíocht

Súile Londain 1-3

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith ina dtabharfar léargas ar shaol agus ar thaithí na nÉireannach óg atá ag cur fúthu i bpríomhchathair na Breataine le roinnt blianta anuas. Tabharfar léiriú sa tsraith ar an saol mar a chaitheann seisear Gael é i gcathair ina maireann 8 milliún duine. Gheobhaimid tuiscint ar na nithe a mheallann daoine óga go Londain chomh maith leis na deiseanna atá le tapú ann.

Chéad Taispeántas: 18 Mfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Súile Londain

Sraith nua a thabharfaidh léargas ar shaol agus ar thaithí mhuintir óga na hÉireann atá ag cur fúthu i bpríomhchathair na Breataine le roinnt blianta anuas. Léireoidh an tsraith saol na ndaoine óga seo atá ina gcónaí i gcathair mhór ina maireann 8 milliún duine. Leanfaidh ‘Súile Londain’ seisear Gaeilgeoir le blaiseadh dá bhfíorshaoil siamsúla a fháil. Tabharfaidh cláir na sraithe seo tuiscint don lucht féachana ar na fáthanna a mheallann Londain na daoine óga úra seo, agus, chomh maith céanna, faightear blaiseadh ar na deiseanna atá le tapú ann.

Físeáin ar Fáil