Síolscéalta | Garraí Glas | Bia Orgánach | TG4 Skip to main content
Menu

Síolscéalta

Déar
8pm
Domh
6.40pm
     

Tá díobháil mhór déanta ag an triomach do gharraí Aonghuis agus tá sé ag súil le báisteach
Déardaoin @ 8.00pm

Fógraíocht

Síolscéalta 1-3

Rátáil Tuismitheora: G

Níl an samhradh ach ina thús agus tá Aonghus agus a fhoireann, Jennifer agus Karoliina, ag cur agus ag réiteach chun siopa an Gharraí Ghlais a oscailt. Tá an siopa glanta agus roinnt comharthaí bóthair déanta ag an siúinéir Máirtín dóibh le crochadh ar an mbóthar. Bíonn drochmhisneach ar Aonghus ar dtús ó tharla cúrsaí ciúin. Lá uaigneach an lá is faide den bhliain d'Aonghus mar gur cothrom an lae sin a rugadh a athair - Johnny Chóil Mhaidhc.

Chéad Taispeántas: 11 Aib

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Síolscéalta

Tabharfaidh Aonghus Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha ar aistear muid lena chruthú gur féidir athrú domhanda a dhéanamh trí ghlasraí orgánacha a chur ar scála beag don mhargadh áitiúil.

Clár 4 – Déardaoin @ 8.00pm
Tá díobháil mhór déanta ag an triomach do gharraí Aonghuis agus tá sé ag súil le báisteach. Tá cuireadh faighte aige labhairt faoina gharraí ag imeacht áitiúil. Tugann an tsuim a chuireann daoine ina scéal misneach dó. Téann cúrsaí i bhfeabhas nuair a aimsíonn sé margaí nua. Le teacht an fhómhair, déanann Aonghus machnamh ar an ngnó. Tuigeann sé nach mbeidh sé in ann tollán a cheannach i mbliana ach tugann croíúlacht agus cairdeas na Wwoofers an-spreagadh dó.
 

 

Físeáin ar Fáil