Orange Is The New Black | Drámaíocht Idirnáisiúnta | TG4 Skip to main content
Menu

Orange Is The New Black

Máir
10.40pm
Sath
mall
     

Tá an tsraith chlúiteach Meiriceánach ar TG4!
Dé Máirt @ 10.40pm

Fógraíocht

Orange Is the New Black 2-10

Rátáil Tuismitheora: 15A

Déanann na príosúnaigh an-iarracht dul i bhfeidhm ar ghrúpa daoine óga a bhíonn ag tarraingt trioblóide sa mbaile agus iad ar cuairt ar an bpríosún. Bíonn Piper ag magadh faoi fheachtas nua Pennsatucky. Cén deireadh a bheidh ar chinneadh Pornstache?

Chéad Taispeántas: 18 Mei

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Orange Is The New Black

Dráma é Orange Is The New Black ina bhfuil féith an ghrinn ann atá bunaithe ar bheathaisnéis Piper Kerman faoin saol i bpríosún do mhná. Bean í Piper Chapman as Brooklyn atá geallta le Larry agus a mbíonn saol compordach acu nó go ngearrtar bliain príosúin uirthi mar gheall ar choireanna drugaí san am a caitheadh. Castar Alex sa bpríosún uirthi, bean a raibh sí i mbun caidrimh léi ar feadh deich mbliana agus an t-údar a bhfuil sí sa phríosún anois.
 
Séasúr 2: Clár 11 – Dé Máirt @ 10.40pm
Socraíonn an tSiúr Ingalls an fód a sheasamh agus tá feachtas Brook ag dul ó neart go neart. Ní túisce beagán airde á tabhairt ar na príosúnaigh nuair a fhaigheann Piper scéala nach mbíonn súil ar bith leis.

Físeáin ar Fáil