Mná na gCurach | Faisnéis | Iomróirí Mná | Rásaí Curach | TG4 Skip to main content
Menu

Mná na gCurach

Déar
8.00pm
     

Sa tsraith seo beimid i dteannta roinnt d’iomróirí mná na tíre agus iad ag fáil faoi réir do shéasúr na rásaí
Ag tosú Déardaoin 23ú Bealtaine @ 8.00pm

Fógraíocht

Mná na gCurach 1-4

Rátáil Tuismitheora: G

Sa tsraith seo beimid i dteannta roinnt d’iomróirí mná na tíre agus iad ag fáil faoi réir do shéasúr na rásaí. Tabharfar léargas ar na mná a bhfuil a gcroí agus a n-anam sna curacha go hiomaíoch agus go sóisialta. Fillfimid ar Bhaile Átha Cliath chuig mná gealgháireacha na gcurach agus iad ag lainseáil dhá naomhóg nua. Is é Regatta Uile-Éireann Ros Muc an Regatta is mó i mbliana ach is beag nach gcuireann an drochaimsir ar chósta an iarthair stop leis ar fad. Fáiltíonn Kathleen Mc Gonagle roimh bhall nua sa teaghlach.

Chéad Taispeántas: 24 Fea

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Mná na gCurach

Sa tsraith seo beimid i dteannta roinnt d’iomróirí mná na tíre agus iad ag fáil faoi réir do shéasúr na rásaí. Tabharfar léargas ar na mná a bhfuil a gcroí agus a n-anam sna curacha go hiomaíoch agus go sóisialta.
 

Sa chéad chlár casfaimid leis na hiomróirí Eileen Quirke agus Siobhán Bairéad agus iad ag ullmhú don bhliain amach rompu. Buailfimid le Niamh Scullion atá ag tógáil a curach féin i mBéal Feirste agus casfaimid le grúpa a bhfuil tóir acu ar a bheith ag iomramh sa Phort Thoir i mBaile Átha Cliath.
 

Físeáin ar Fáil