HUP! | Ceol Traidisiúnta | Sraith Teilifíse | Féilte | TG4 Skip to main content
Menu

Hup!

     

Seo aistear ceoil a ardóidh do chroí.

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith ceoil thraidisiúnta. Ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach a bheimid an tseachtain seo. Beidh comharsana ag ceol i dteannta a chéile do thaispeántas speisialta agus annamh; Noel Hill, Tony Linnane agus Alec Finn ag seinm le chéile den chéad uair le blianta fada. Seinnfidh máistir na píbe, Ronan Brown, cúpla port i seanteach laoch na fidle, Bobby Casey. Seinnfidh Éamonn Cotter 'An Siopa Beag'. Baileoidh muintir Mulcahy i siopa surfála chun cúpla jig a chasadh.

Chéad Taispeántas: 13 Dfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

An dara séasúr den tsraith fhuinniúil spreagúil seo, 13 clár a taifeadadh ar an láthair inarb é an ceol féin bun agus barr an scéil – níl láithreoir ná caint ná tráchtaireacht anseo – níl ann ach scoth an cheoil ó bhláth na gceoltóirí is fearr sa tír – agus bainfidh tú lán na súl freisin as cuid de na láithreacha iontacha ina bhfuil an ceol á sheinm.

Taifeadadh an ceol le linn féile nó mór-imeacht cheoil agus tá béim ar uirlis ar leith agus blas na háite féin go láidir i ngach eagrán.

Tabharfar cuairt ar ionaid fhisiúla agus déantar an taifeadadh ceoil go cúramach, tuisceanach, séimh.   Cloisfear an seanóir agus an déagóir agus teaghlaigh ag seinm le chéile cois tine, cois abhann agus ar bháid.

Ó Dhún na Séad go Cill Fhionnúrach agus ó Ard Mhacha chun na Carraige, seo aistear ceoil a ardóidh do chroí agus a choipfidh do chuid fola le scoth na bhfonn agus na n-amhrán.  Orthu sin a bheidh páirteach, tá Tommy Emmanuel, Liam Ó Maonlaí agus Clann Uí Mhongáin.

Leiriú le Red Shoe Productions

Físeáin ar Fáil