Hollywood in Éirinn | Sraith Faisnéise Siamsaíochta | TG4 Skip to main content
Menu

Hollywood in Éirinn

Déar
9.30pm
     

Tabharfaimid cuairt ar Chill Mhantáin, an áit ar
taifeadadh an scannán ‘Dancing at Lughnasa’ le Brian Friel.

Déardaoin @ 9.30pm

Fógraíocht

Hollywood in Éirinn 1-2

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith ina gcaitheann an t-aisteoir Denis Conway súil siar ar an tionchar a d'imir mór-scannáin ar an bpobal in Éirinn inar tharla an scannánú. Is i nDéise Mumhan, in iarthar Phort Láirge a rinne an stiúrthóir aitheanta Stanley Kubrick go leor den scannánú ar an mór-scannán Barry Lyndon i 1973. Cé go ndeirtear go minic gurbh duine cúthail, fuar a bhí i Kubrick, ní shin é an chuimhne atá air sna Déise ach a mhalairt. Shocraigh Kubrick gurbh iad an grúpa traidisiúnta The Chieftains a sheinnfeadh an ceol don scannán agus chuir sin go mór le cáil an ghrúpa go hidirnáisiúnta.

Chéad Taispeántas: 18 Bea

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Sraith a chaitheann súil ar an tionchar a d’imir léiriú mór-scannáin ar an bpobal áitiúil in Éirinn inar tharla an scannánú ar an láthair.  Tugann muid cuairt ar na gceantair le cuimhní na ndaoine a chloisteáil ar an bhfuadar a bhain leis an léiriú, an fhostaíocht a gineadh go háitiúil, an leas eacnamaíoch a rinne sin ag an am, na fadhbanna a tháinig chun solais  agus an oidhreacht thurasóireachta a d’fhág an scannán le uachta go háitiúil, má d’fhág.

Sna blianta a caitheadh agus go fiú sa lá atá inniu ann, is mór-ócáid d’aon bhaile beag nó ceantar tuaithe in Éirinn go roghnódh léiritheoir mór as Hollywood é mar láthair dá scannán.  Tá airgead mór i gceist agus deis shuntasach ar fhostaíocht ag muintir na háite, bíodh sin ag soláthar seirbhísí don fhoireann léiriúcháin nó mar aisteoirí breise sa gcúlráid i gcuid de na radharcanna.
 

Físeáin ar Fáil