Hector - Ó Siberia go Saigon | Hector Ó hEochagáin | Taisteal | Siamsaíocht | TG4 | #HectorTG4 Skip to main content
Menu

Hector – Ó Siberia go Saigon

Domh
11.05pm
     

Beidh Hector i Kathmandu an tseachtain seo
Dé Domhnaigh @ 11.05pm

Fógraíocht

Hector Ó Siberia go Saigon 10-3

Rátáil Tuismitheora: 12A

Is i gcathair mhór Chongqing a chuirfidh Hector tús lena thuras an tseachtain seo, an baile uirbeach is sciobtha atá fás ar domhan. Cuirfidh sé eolas ar thogra Panda - togra chun carranna a roinnt agus a bhfuil an-tóir air. Rachaidh sé ar an traein ardluais ansin go Chengdu. Ina dhiaidh sin rachaidh sé chuig linn snámha do mhadraí agus cuirfidh sé aithne ar The Hormones, banna ceoil cailíní a bhfuil an-tóir ag muintir na Síne orthu. Tabharfaidh sé a aghaidh ó dheas ansin chuig áit dúchais na núdal agus níos faide ó dheas ansin go Dali.

Chéad Taispeántas: 21 Iui

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Hector – Ó Siberia go Saigon

Tá an taistealaí is clúití in Éirinn, fear nach mbíonn fuacht ná faitíos air, Hector Ó hEochagáin, ar ais ar TG4 agus é ag tabhairt faoi aistear mór a thosóidh i bhfad ó thuaidh i gcríocha na Sibéire sa Rúis agus a leanfaidh breis is 8000 ciliméadar os cionn sléibhte, trí fhásaigh, aibhneacha agus naoi dtír éagsúla an bealach ar fad chuig cathair nua-aoiseach Ho Chi Minh nó Saigon i Vítneam. I gceann de na réigiúin is lú daonra ar domhan a chuirfear tús leis an aistear is mó, is faide agus is spreagúla ar thug Hector faoi fós. Beidh sé in áit atá 3500 ciliméadar ó Mhoscó, príomhchathair na Rúise, agus atá i gcroílár réigiúin as a bhfuiltear ag díbirt deoraithe agus príosúnaigh leis na mílte bliain. Sea, tá Hector ar ais agus ag cur tús lena thuras is mó i gcroílár na Sibéire.
 
An tSeachtain seo:
I Kathmandu dó, smaoiníonn Hector ar an gcrith mór talún a bhí ansin sa bhliain 2015. Casfaidh sé le Mary as Corcaigh ar léi an Temple Bar i Kathmandu. Is ansin a shocraíonn sé an chéad Pharáid Féile Pádraig a chur ar bun sa chathair. Caithfidh sé seal in éineacht leis na mná rialta iomráiteacha Kung Fu agus rachaidh i mbun traenála le cailíní Sherpa a bhfuil rún acu barr Shliabh Everest a bhaint amach i mbliana. Cuideoidh sé freisin le grúpa a bheathaíonn 5,000 leanbh gach lá sna sléibhte.

Físeáin ar Fáil