FleadhTV 2019 | Fleadh Cheoil na hEireann | Ceol | Droichead Átha Skip to main content
Menu

FleadhTV 2019

15.08
18.08
     

FleadhTV 2019

15ú – 18ú Iúil @ 8.30pm

FleadhTV 2019

Tá an fhéile cheoil is mó in Eirinn ag filleadh ar an teilifís i mí Lúnasa. An bhfuil tú réidh?!

 

Dá gcuirfeá An Picnic Leictreach, Longitude agus All Together Now le chéile…. fós fhéin ní bheadh sí ar an bhféile cheoil is mó in Éirinn. Sin onóir a théann chuig Fleadh Cheoil na hÉireann, féile a chuireann fáilte roimh 500,000 gach bliain agus atá ag fás léi gach bliain. I 2019, beidh an Fhleadh ag filleadh ar Dhroichead Átha don dára bliain as a chéile. Ar nós Glastonbury ar an mBBC, tugann FleadhTV deis do lucht féachana ar fud na cruinne a bheith i lár an aonaigh, ag Fleadh Cheoil na hÉireann, gan an tolg a fhágail. Is iad an comhlacht Gifted Empire Productions, comhlacht a ghnóthaigh dhá IFTA, atá ag tabhairt faoin leiriúcháin uaillmhianach seo, FleadhTV, don seachtú uair.

Beidh FleadhTV a chraoladh ó Déardaoin 15 Lúnasa go Domhnach 18 Lúnasa idir 8.30 i.n. agus 11.30. i.n. ar TG4. Beidh sé ar fáil ar fud na cruinne ar TG4 player, www.fleadhcheoil.ie agus ar www.fleadh.tv. Craolfaidh FleadhTV trí uair a chloig do cheol traidisiúnta d’ardchaighdéan gach oíche. Clár úr, lán fuinnimh, beomhar agus níos tábhachtaí fós siamsúil.

Tá cuimse eolas agus oidhreacht luachmhar ag láithreoirí FleadhTV chomh fada ‘s a bhaineann sé le ceol agus cultúr na hÉireann. Ní gá Hector Ó hEochagáin a chur in aithne! Bíonn Hector i lár an aonaigh ag an bhFleadh, ag craoladh ó shráideanna Dhroichead Átha, na sluaite á leanacht síos Sráid Laurence ar nós an Piobaire Breac! Tá sé díreach tagtha abhaile as Méiriceá, áit a raibh sé ag taifeadadh sraith úrnua a bheidh ar an scáileán níos dearnaí i 2019. Tá Doireann Ní Ghlacáin ag filleadh arís i mbliana. Tá sí i mbun tráchtais PHD faoin amhránaíocht ar an sean-nós le Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh faoi láthair. Sheol sí a céad albam ‘The Housekeepers’ níos luaithe i mbliana. Chomh maith le seo ar fad, bhí Doireann mar láithreoir ar Tradfest agus Gradam Ceoil. Duine do shliocht dhá theaglach sár-aitheanta saol an cheoil traidisiúnta na hÉireann í – Clann Uí Riada agus Clann Glackin. Beidh sí ag cur príomhstáitse FleadhTV i láthair.

Is duine eile do shliocht ríoga an cheoil í ár láithreoir úrnua Róisín O. Seo an chéad uair a bheidh Róisín O ag cur clár teilifíse i láthair agus beidh sí ina bean an tí ag árdán acoustach FleadhTV. Ní haon stráinséir í Róisín don cheol traidisiúnta, tá 500,000 radharc ag an leagan don amhrán ‘Grace’ a chas sí lena dearthair Danny agus a col ceathrar Aoife do chomóradh 1916 ar YouTube! Tháinig Róisín le chéile le John Broe (Miracle Bell) i 2015 ag scríobh amhráin cosúil le ‘Give it Up, ‘If you Got Love’ agus ‘Better This Way’. Bhunaigh siad beirt banna ceoil Thanks Brother le chéile i 2018. Is iontach an rud go mbeidh Róisín páirteach linn i mbliana.

Tá FleadhTV ag fás agus ag forbairt gach bliain agus is cinnte go mbeidh sraith a seacht ar an gceann is mó go dtí seo. Cuireann foireann léiriúcháin FleadhTV scoth an cheoil agus siamsaíocht ós comhair an lucht féachana. Cuid do na bannaí atá deimhnithe go dtí seo i mbliana ná:

Hot House Flowers,  Frankie Gavin & The Provenance, Horslips, Kilfenora Céilí Band, Lankum, Zoe Conway with Dubliners legend John Sheahan, The Stevie Dunne Band, Altan, Fidil, Kate Rusby Band agus go leor eile!

Físeáin ar Fáil