Skip to main content
Menu

Fir, Marú agus Grá

     

Sraith chumhachtach fhaisnéise/dhrámaíochta ina gcaitear súil siar ar chásanna dúnmharaithe sa tír seo inar mharaigh an fear a bpáirtí.

Fógraíocht

Fir, Marú agus Grá 1-5

Rátáil Tuismitheora: 15A

Sraith ina gcaitear súil ar chásanna dúnmharaithe in Éirinn inar mharaigh an fear a chéile nó a leannán. I mBealtaine na bliana 1996, chonacthas Patricia Murphy ag deifriú abhaile chuig a teach cónaithe in Ascaill Uí Ghríofa i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Ní fhaca éinne ina beatha í ina dhiaidh sin. Thángthas ar a corp tamall ina dhiaidh sa gcomharsanacht. Léirigh an scrúdú iarbháis gur tachtadh í. Cúisíodh a fear céile, David Murphy. Dúradh sa gcúirt go raibh sé i gceist ag Patricia imeacht óna fear céile agus filleadh chun cónaithe ar Chontae an Chláir.

Chéad Taispeántas: 16 Bea

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Is sraith theilifíse tharraingteach agus dorcha de dramaí fáisnéise í Fir, Marú agus Grá a thugann léargas lom agus neamhghéiliúil ar na cuinsí a chur fonn ar shé fear a bpáirtí a marú. Trí agallaimh leis an bhfoireann fhiosrúcháin, tuairisceoirí cúirte agus iriseoirí a lean na cásanna, insítear gach scéal le athchóiriú drámatúil ar na príomh pointí fianaise a chur foireann Ionchúisimh an Stáit os comhar na cúirte.

 

Léiriú le Midas Productions

Físeáin ar Fáil