Finné | Faisnéis | Scéalta Daonna ó Cinnlínte Nuachta | TG4 Skip to main content
Menu

Finné

Céad
02.10
     

Nochtfaidh Finné tuilleadh scéalta cumhachtacha –
scéalta faoi fhulaingt, éagóir, fuascailt agus teacht aniar.

Sraith nua ag tosú 02.10 @ 21:30

Finné

Á spreagadh ag cláir faisnéise de chuid Netflix le blianta beaga anuas, tá Finné ar ais ar TG4 don dara sraith. Á léiriú ag Tua Films agus curtha i láthair ag comhfhreagraí RTÉ, Orla O’Donnell, nochtfaidh Finné tuilleadh scéalta cumhachtacha – scéalta faoi fhulaingt, éagóir, fuascailt agus teacht aniar. Inseoidh daoine a bhí i gcroílár chuid de na cásanna coiriúla is mó sa tír a scéal ar a mbealach ionraic féin chun léargas pearsanta agus ar leith a thabhairt don lucht féachana ar an méid a bhain dóibh.
 

 
Clár 1 – Sophia Murphy 02.10 @ 21:30
An chéad chuimhne atá ag Sophia Murphy ná a hathair ag baint mí-úsáid ghnéis aisti nuair a bhí sí trí bliana d’aois. Seo é scéal Sophia a d’fhulaing leis an mí-úsáid seo gach lá dá saol go dtí go raibh sí thart ar chúig bliana déag d’aois. Ciontaíodh a hathair in Iúil na bliana 2018 agus gearradh téarma ocht mbliana déag príosúin air faoin mbail a chuir sé ar Sophia agus a cuid deirfiúracha. Níor scaoil Sophia a hainm go dtí seo ach theastaigh uaithi a scéal a insint don phobal chun misneach a thabhairt do dhaoine eile ar tharla an rud céanna dóibh.
 

Físeáin ar Fáil