The Field - Crá sa Chré | Faisnéis | Talamh | Cearta Talún | TG4 Skip to main content
Menu

The Field – Crá sa Chré

06/06
10.00pm
     

Léargas ar chuid de cásanna dlí is iomráití agus is conspóidí a spreag as dúil an Éireannach sa talamh
Ag tosú Déardaoin 6ú Meitheamh @ 10.00pm

Sraith 6 chlár, a thugann chun cuimhne cuid de cásanna dlí is iomráití agus is conspóidí a spreag as dúil an Éireannach sa talamh agus a dhíocas ag seasamh an fhóid in aghaidh iarrachtaí a chearta talún, mar a fheictear dó, a bhaint uaidh.

Meabhraíonn an 19 cás dlí atá faoi chaibidil sa tsraith gur iomaí cúis a troideadh (agus is minic gur troid a bhí i gceist sular tháinig an scéal chun dlí) agus gur iomaí teaghlach a scriosadh ag dul chun dlí faoi cheist talún nó teorannacha talún.

Cé go gcreideann saineolaithe áirithe go mbaineann ár ndúil sa talamh lenár stair ach téann an dúil seo go smior sa duine i gcultúir go leor eile freisin. Ceaptar, áfach, go bhfuil ceangal an Éireannaigh leis an talamh thar a bheith dlúth.

Tugann na cásanna cúirte atá luaite anseo léargas ar leith dúinn ar thábhacht na talún in intinn an Éireannaigh, tábhacht nach bhfuil ag meath ach ag neartú lenár linn féin.

Is é Seán T Ó Meallaigh a scríobh an tsraith agus is é Pilib Mac Cathmhaoil an tráchtaire agus an láithreoir.

Fuair an togra seo maoiniú ó Chiste Chraoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann.

Léiriú le Park Films & Imagine Media. 
 

Físeáin ar Fáil