Skip to main content
Menu

Comhrá

     

Dreas comhrá le Máirtín Tom Sheáinín,
ina insíonn a chuid aíonna scéal
a mbeatha ar a mbealach féin.

Fógraíocht

Máirtín Mhurchadha 2-3

Rátáil Tuismitheora: G

Máirtín Mhurchadha, nach maireann, a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar an gclár seo. Fear é Máirtin Mhurchadha a raibh an saol mór feicthe aige. Déanfaidh sé cur síos sa chlár ar an gcogadh mór agus faoin uair a tháinig saighdiúirí Mheiriceá ar fad chun na cailíní a ghoid. Inseoidh sé freisin faoin uair a raibh sé ag tabhairt móna go hÁrainn agus Steamships Mheiriceá sa mbealach orthu.

Chéad Taispeántas: 16 Iui

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Formáid thar a bheith  simplí í seo ina ndéantar dreas comhrá le duine gan áiféis ná gáifeacht.  Leagann an tsraith seo méar ar chuisle na hÉireann.  Tá bua ar leith ag Máirtín Tom Sheáinín, cuireann sé a chuid aíonna ar a gcompord agus faigheann siad deis scéal a mbeatha a insint ar a mbealach féin.

Tá Máirtín sa chúlráid chun an cuntas a stiúradh go ciúin stuama.   Is iad muintir na hÉireann ábhar an chláir seo. Cé go bhfuil próifíl phoiblí agus aithne mhaith ar fud na tíre ar chuid de na haíonna an séasúr seo, is ar ghnéithe eile dá saol a bheidh siad ag trácht.

Sa tsraith seo de Comhrá, beidh aisteoirí, ‘s spaisteoirí, ceoltóirí ‘s polaiteoirí, seoltóirí, filí agus uachtaráin.  I measc na n-aíonna an séasúr seo beidh Uachtarán an CLG, Aogán Ó Ferghail, Bríd Rodgers, polaiteoir leis an SDLP, an t-aisteoir Niall Mac Eamharchaigh atá i bpáirt John Joe i Ros na Rún, Páraic Ó Gaora a bhí ina phríomh-Eagarthóir Nuachta le Nuacht RTÉ, Íte Ní Chionnaith, an chéad ban-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, agus Joe Higgins, iar-Theachta Dála leis an bPáirtí Shóisialach.

Físeáin ar Fáil