Ceol ón Chlann | Clann Ceolmhar | Ceol Traidisiúnta na hÉireann | TG4 Skip to main content
Menu

Ceol ón Chlann

Máir
30.07
     

Sraith faoi teaghlaigh cheoil as Éirinn
a bhfuil clú agus cáil orthu

Ag tosú Dé Máirt 30.07 @ 8.30pm

Ceol ón Chlann – Sraith 3

Sraith a thugann léargas ar theaghlaigh cheoil na tíre, a n-oidhreacht agus a dtábhacht i saol an cheoil sa lá atá inniu ann. Cuig theaghlach a bheidh faoi chaibidil sa tsraith seo, – Muintir Gavin (Frankie Gavin), Clann Mhic Ruairí, Muintir Mhic Lochlainn (The Henry Girls) agus Muintir Moynihan ina measc. Teaghlaigh cheoil as Éirinn a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud an domhain mhóir.
 


 

Clár 1: Clann Mhic Ruairí – 30.07
I Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill a tógadh Clann mhic Ruairí áit ar tháinig ceol agus scéalta a muintire anuas leis na glúnta. Thuig siad agus iad ag éirí aníos go raibh tábhacht ar leith leis an gcultúr a bhí ina measc agus bhunaigh siad an grúpa Clann Mhic Ruairí. Creideann siad go láidir i gcaomhnú agus i gcur chun cinn thraidisiún amhránaíochta Rann na Feirste agus an tábhacht a bhaineann leis an traidisiún seo a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile.
 

Clár 2: Muintir Gavin – 06.08
Déantar cur síos sa chlár seo ar mhuintir Gavin as Cor an Dola, Gaillimh. D’fhás Frankie, Seán agus Noreen suas leis an gceol. Bhí teach tábhairne ag a n-athair, áit a mbíodh siad ag éisteacht le ceoltóirí mór le rá. Sheinneadar d’Uachtarán Mheiriceá, J.F. Kennedy, i 1963 nuair a tháinig sé go Gaillimh agus tá cáil an domhain mhóir ar Frankie mar gheall ar an mbaint a bhí aige leis an ngrúpa De Danann a bhunú.
 

Clár 3: The Henry Girls – 13.08
Tógadh na deirfiúracha McLoughlin nó ‘The Henry Girls’ mar is fearr aithne orthu i Málainn i dTír Chonaill. Is iad a dtuismitheoirí a chur in aithne an cheoil iad le tionchar ó bannaí ar nós ‘The Bothy Band’ agus Na Beatles. Bhí a máthair i gceannas ar an gcóir áitiúil agus bhí an-suim ag a n-athair i gceoil traidisiúnta agus sa gceol tíre agus ba mhinic seisiún ceoil sa teach acu dá bharr. Tá na deirfiúracha i mbun an cheoil go proifisiúnta ó 2010 ag casadh ceol tíre agus ceol ar an tseanstíl.
 

Clár 4: Na MacConnells – 20.08
Rúgadh agus tógadh muintir MacConnell i Ballinaleck, Co. Fearmanach agus bhí siad báite sa cheol ó aois an-óg. Fuair síad tacaíocht óna tuismitheoirí nuair a bhí siad an-óg agus iad ag iarraidh ceol a chasadh. Bhí an-chaill ar a n-athar, Sandy, sna caogadaí.
 

Clár 5: Muintir Moynihan – 27.08
Tá aithne mhór ar mhuintir Moynihan i saol an cheoil in Éirinn agus thar lear. Tá stíleanna éagsúla ceoil ar a dtoil acu idir cheol clasaiceach, cheol traidisiúnta agus cheol comhaimseartha. Sheinn siad i gcuid de na hionaid is mó le rá ar fud an domhain agus tá taifeadadh déanta acu ar bhonn aonair agus i gcomhar le daoine eile. Ba mhúinteoirí bunscoile a dtuismitheoirí a raibh an-suim acu sa gceol agus an-bhaint acu le cúrsaí ceoil i gCorcaigh. Is minic a mhúin a n-athair port ar an bhfeadóg stáin do na leanaí sa gcarr ar an mbealach chun na scoile.
 

Físeáin ar Fáil