Bailte | Bailte Fearainn | Sraith Faisnéis | Síle Nic Chonaonaigh | TG4 Skip to main content
Menu

Bailte

     

Rachaidh Síle Nic Chonaonaigh ar cuairt ar bhailte fearainn ar fud na hÉireann

Fógraíocht

Cartúr, Muighnis 1-13

Rátáil Tuismitheora: G

Is é an baile fearainn croí na sraithe seo. Tá os cionn 60,000 díobh in Éirinn agus is é an t-aonad riaracháin is lú agus is buaine againn é. Rachaidh Síle Nic Chonaonaigh ar cuairt ar bhailte fearainn ar fud na hÉireann chun an ceangal atá ag na daoine leis an áit as a dtagann siad a fhiosrú. Fiosróidh sí an tírdhreach a mhúnlaíonn iad, an cultúr as ar fáisceadh iad agus na slite beatha a chothaíonn iad. Tabharfaidh Síle cuairt ar mhuintir Chartúir i Muighnis, Carna. Tá os cionn dhá scór duine ar an mbaile inniu, baile a bhfuil cáil air mar gheall ar na saoir bád a bhíodh ann.

Chéad Taispeántas: 10 Aib

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Bailte

Tá breis is seasca míle baile fearainn in Éirinn agus is é an baile an t-aonad riaracháin is lú agus is buaine againn.

Is sa bhaile fearainn is mó is léir mórtas áite – an pobal beag de shíor ag sárú agus ag cocaíocht leis an mbaile béal dorais. Sa tsraith trí chlár déag díreofar ar bhaile fearainn amháin i ngach clár. Caithfidh Síle Nic Chonaonaigh seal i measc mhuintir an bhaile fearainn agus cuirfidh eolas agus aithne ar phearsana agus ar thréithe gach bail ar leith.

Tabharfaidh Síle faoi aistear fuinniúil ó cheann ceann na tíre chun ár gcuid bailte fearainn a cheiliúradh agus léargas a fháil ar na pobail a mhaireann iontu, an cultúr as ar fáisceadh iad, na slite beatha a chothaíonn iad, agus an tírdhreach a mhúnlaíonn iad.

 

Físeáin ar Fáil