An Lá a Rugadh Mé | Daoine Cáiliúla | Stair | Sraith Theilifíse | TG4 Skip to main content
Menu

An Lá a Rugadh Mé

     

Sraith ina dtagann pearsa aitheanta ar eolas breise faoi imeachtaí na tíre seo, an lá ar rugadh iad.

Fógraíocht

An Lá a Rugadh Mé 2-1

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith ina dtagann pearsa aitheanta ar eolas faoi imeachtaí a thit amach in Éirinn an lá ar saolaíodh iad. Scrúdóidh an té sin na nuachtáin a foilsíodh an lá a rugadh é agus roghnóidh trí scéal le fiosrú. Rachaidh an t-aoi ar aistear ar thóir breis eolais faoi na scéalta agus chun cainte le daoine a thabharfaidh léargas breise dó orthu. Fiosróidh an léitheoir nuachta, Eileen Dunne, na mórscéalta a bhí i mbéal an phobail an lá a rugadh í, i 1958. Á cur i láthair ag Harry McGee.

Chéad Taispeántas: 14 Dfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Sraith ina dtagann pearsa aitheanta ar eolas breise faoi imeachtaí na tíre seo, an lá ar rugadh iad. Scrúdaíonn an duine na nuachtáin a foilsíodh an lá a rugadh é / í agus tá cead ansin dul sa tóir ar scéal ón lá sin nó iarmhairt éigin de. Tar éis eagrán iomlán an lae a léamh, roghnaíonn an t-aoi a scéal agus seo leo anois ar aistear ar thóir breis eolais faoin scéal agus ag caint le daoine a thabharfaidh léargas breise dóibh. I measc na n-aíonna beidh Luke Fitzgerald, Eileen Dunne, Peter Coonan, Valerie Mulcahy agus Séamus Begley.

 

Físeáin ar Fáil