An Balla | Faisnéis | Ballaí & Teorainneacha Aitheanta an Domhain | TG4 Skip to main content
Menu

An Balla

     

Fiosróidh Síle Nic Chonaonaigh ceithre cinn de na ballaí agus teorainneacha is aitheanta ar fud an domhain

Fógraíocht

Iosrael - An Phalaistín 1-4

Rátáil Tuismitheora: PG

Sa chlár deiridh sa tsraith, ina dtugann Síle Nic Chonaonaigh turas ar chuid de na ballaí is aitheanta ar fud an domhain, is in Iosrael-An Phalaistín a bheidh sí áit a bhfuil ceann de na teorainneacha is conspóidí ar domhan. Ceisteoidh Síle an t-údar gur rinneadh an balla an chéad lá riamh, tabharfaidh sí cuairt ar na lonnaíochtaí Giúdacha a mbítear ina achrann fúthu agus casfaidh le daoine a bhfuil a gcuid talún, slí bheatha agus a gcuid daoine caillte acu sa scliúchas.

Chéad Taispeántas: 30 Ean

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

An Balla

Sraith den chéad scoth ina bhfiosróidh Síle Nic Chonaonaigh ceithre cinn de na ballaí agus teorainneacha is aitheanta ar fud an domhain. Teorainneacha iad a mhúnlaigh stair na gceantar ina bhfuil siad, ballaí a bhfuil scéalta dóchais agus athmhuintearais ag baint leo, fiú in am na hanacra.
 


 

Físeáin ar Fáil