Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Folúntais

 

Eagarthóir Blaisíní TG4

Conradh Bliana

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost, Eagarthóir Blaisíní TG4.
Is mian le TG4 Eagarthóir Blaisíní a earcú a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe. Freagróidh an tEagarthóir Blaisíní do Bhainisteoir Moil Cruthaithe, agus beidh an té sin freagrach as ábhar físiúil cruthaitheach a chruthú, ábhar atá dírithe ar lucht féachana ar leith ar fud ardáin TG4.

Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais cháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i ndáil le hÉagsúlacht. Fáiltíonn muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
 

An Ról
Sa róI seo beidh an té a cheapfar freagrach as lucht féachana a mhealladh chuig ábhar ar fud ardáin TG4, branda TG4 a chur chun cinn trí ábhar atá cruthaitheach agus ar ardchaighdeán a chruthú chomh maith leis na nithe seo a leanas:

  • Ábhar gearrfhoirme a chruthú atá ar ardchaighdeán idir bhlaisíní, sheóríleanna, fhíseáin chorparáideacha agus ábhar digiteach trasardán do TG4.
  • Ábhar insoláthartha ar ardchaighdeán a sheachadadh.
  • Eagarthóireacht físe agus eolas a bheith agat ar threochtaí físiúla sa mhargaíocht agus sna meáin dhigiteacha
  • Moltaí/Smaointe cruthaitheacha a thabhairt agus a ghlacadh a chuireann le branda TG4.
  • Tograí a bhainistiú, a eagrú agus a chartlannú
  • Ábhar a sheachadadh a bheidh feiliúnach le craoladh ar an aer, go réamhlíneach, mar ábhar digiteach agus fógraíochta go hinmheánach agus le comhlachtaí seachtracha

 

Nithe atá riachtanach don phost seo:

A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.

Tuiscint, taithí agus saineolas ar na réimsí eagarthóireachta is déanaí. Eolas ar bhogearraí agus nósmhaireachtaí eagarthóireachta reatha agus nuálacha: Adobe Premiere Pro, Adobe After Effects agus Final Cut X.

Taithí ar ábhar a stiúradh.

Ardscileanna i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla chomh maith le bheith ábalta cóipscríbhneoireacht a dhéanamh

A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach as do stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.

Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí ar ábhar físiúil a chruthú.

A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

Tá Polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm i TG4
 
Is é 4pm Dé hAoine an 22ú Márta 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol CV mar aon le litir iarratais ina leagtar amach an fhís a bheadh agat chuig: cv@tg4.ie
 
 


Scéim Taithí Oibre Bliana le TG4 do Chéimithe nó do Thosaitheoirí: Intéirneacht do Mhaor Craolacháin

Aibreán 2024 – Aibreán 2025

Tá sé i gceist ag TG4 Intéirneacht do Mhaor Craolacháin, a bheidh lonnaithe sa Cheannáras I nGaeltacht na Gaillimhe, a thairiscint ar chonradh bliana. Beidh an duine a roghnófar freagrach don Bhainisteoir Oibríochtaí.
 
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
 
Is deis é seo do dhuine atá ag tosú amach san earnáil físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil chun cur leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na bliana taithí oibre seo agus beidh deiseanna oiliúna eile ar fáil le linn na bliana.
 
Beidh deis ag an duine a roghnófar taithí a fháil ar na gnéithe éagsúla seo thíos:
Oiliúint a fháil sna bogearraí agus sa trealamh atá in úsáid agus iad a oibriú go gairmiúil mar aon le tuiscint a bheith aige nó aici ar a bhíonn le déanamh i gcásanna éigeandála.

  • Sceideal TG4 a chur go haer
  • Monatóireacht a dhéanamh ar Aschur TG4 ar fud na n-ardán
  • Maoirseacht a dhéanamh ar Thograí Aschuir (mar shampla Ardáin Virgin Media / Cartlann)
  • A dheimhniú go bhfuil an t-ábhar á chraoladh ar ardchaighdeán
  • Ábhar d’Aschur TG4 a ullmhú agus a sheiceáil (Spotseiceáil / Mionbhlaisíní a roghnú)
  • Maoirseacht a dhéanamh ar Aschur TG4 – (i gcás go n-imíonn muid den aer)
  • A dheimhniú go bhfuil Aschur TG4, mar atá geallta againn, ar fáil don Lucht Féachana
  • Tuairisciú a dhéanamh ar fhadhbanna de réir na dtreoracha reatha
  • Na tuairiscí laethúla a líonadh gach lá de réir na dtreoracha reatha
  • Smacht a choinneáil ar chláracha agus ar phacáistí a thagann isteach ag TG4 agus a imíonn amach as TG4 trí KU / LiveU agus sruthanna Beo thar IP a úsáid.

 
Riachtanais an phoist seo:

  • Tá an ról seo dírithe ar dhaoine atá ag tabhairt faoi chéim sa chumarsáid faoi láthair nó a bhfuil céim / taithí theicniúil bliana ar a laghad acu.
  • Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil. Beifear ag súil go mbeidh tú dírithe ar an obair, go mbeidh ardscileanna cumarsáide agat, go mbeidh súil ghrinn ar mhionsonraí agus cumas maith eagrúcháin agat, go mbeidh tú ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann agus go mbeidh taithí chruthaithe agat i ról den chineál céanna.
  • Beidh eolas maith agat ar ríomhairí, ar na hardáin meán sóisialta agus beidh an cumas ionat córais nua a fhoghlaim go tapa. Cuirfear oiliúint ar fáil ar chórais TG4.

 
Gheobhaidh an duine a cheapfar taithí chuimsitheach ag obair sa réimse mar Mhaor Craolacháin.

Seol CV, mar aon le d’iarratas chuig cv@tg4.ie.

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: Dé hAoine an 22 Márta 2024.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4.

Beidh na poist seo lonnaithe i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann.