Tithe Cois Farraige | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Tithe Cois Farraige

Déar
9.30pm
     

Sraith 8 gclár, ina dtugann Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar chuid de na foirgnimh cois cósta – ón gcaisleán ársa go dtí an teach nua-aoiseach, ard-deartha.

Fógraíocht

Tithe Cois Farraige 1-8

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith 8 gclár a thabharfaidh léargas ar áilleacht agus ar éagsúlacht árais chónaithe le cósta in Éirinn. Ar chósta thoir na tíre a bheidh Síle Nic Chonaonaigh sa chlár seo. Casfaidh sí leis an ailtire Simone Stephenson agus tabharfaidh sí cuairt ar Thúr Martello atá athchóirithe ag Simone i nDeilginis.

Chéad Taispeántas: 29 Mar

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Sraith a thugann léargas ar áilleacht agus ar éagsúlacht na n-áras cónaithe atá tógtha cois mara in Éirinn.   Tá tarraingt ar leith ag an bhfarraige ar shamhlaíocht an Éireannaigh agus leis na mílte bliain anuas bhí mian  ar leith mar chine tithe a thógáil (nó a cheannacht) atá suite cois na farraige.    Tá a chruthúnas sin ar fáil go feiceálach ar gach cósta againn – ó cuireadh cloch os cinn cloiche sa Dún Aengus in Árainn, tá áitrimh den chineálacha éagsúla tógtha ar bhruach na mara ag saibhir agus ag daibhir.

Sa tsraith 8 gclár seo, tugann Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar chuid de na foirgnimh seo – ón gcaisleán ársa go dtí an teach nua-aoiseach, ard-deartha.  Cuimseoidh a cuairt cuid de na háiteanna is deise sa tír – ó chuanta maorga iarthar Chorcaí go farraigí fiáine Thír Chonaill.

Tugann sí cuairt ar dhá theach i gceantar amháin i ngach eagrán den tsraith, labhraíonn leis na húinéirí agus faigheann léargas ar áilleacht an réigiúin agus ar an dearadh uathúil atá ar an teach.  Caithfear súil scioptha ar chúpla teach eile sa gcomharsanacht freisin.

An tSeachtain Seo

Ar chósta Chonamara i nGaillimh a bheidh Síle Nic Chonaonaigh an tseachtain seo. Tabharfaidh sí cuairt ar mhuintir Foyle sa gClochán agus ansin rachaidh sí ó dheas chun cuairt a thabhairt ar Eoin agus Cecilia Keenan ina dteach álainn.

Físeáin ar Fáil