Laochra Gael | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Laochra Gael

Céad
9.30pm
     

Clár 1 – “Ag Tuiscint Lar Corbett”
Sraith Nua ag tosú Dé Céadaoin @ 9.30pm

Físeáin Faoi Thrácht

Fógraíocht

Ag Tuiscint Lar Corbett

Laochra Gael – Sraith 16

Sraith nua. I measc na réalta spóirt an tséasúr seo beidh:

Lar Corbett – 28.02

Lar Corbett Thiobraid Árann laoch Gael an chéad chláir. Cuireadh gairm an fear spóirt Lar Corbett i gcomparáid leis an Tour de France mar go raibh sé chomh corrach sin. Ach nuair a bhí sé i mbarr a réime, ní raibh imreoir ar bith chomh géarchúiseach ná chomh cumasach le Lar Corbett. Chuir sé le cuid de na móimintí is fearr riamh san iomaíocht.

 

Graham Geraghty – 07.03

Fear lán le talann, fear éagsúil, fear teasaí agus fear dathúil – ba mhinic Graham Geraghty mar ábhar sna meáin thablóideacha sna 1990daí. Ba pheileadóir iontach agus conspóideach é Geraghty. Thar na blianta bhí baint aige le scannáin, le polaitíocht, le teach tábhairne agus le foireann sacair Arsenal. Is oibrí sóisialta é Graham anois a chuidíonn le daoine óga caoi a chuir ar a saol. Bhí a aistear saoil féin lán de thuas seal, thíos seal agus neart scéalta le hinseacht, dá réir.

 

Ashling Thompson – 14.03

Clár faisnéise faoi Ashling Thompson – All-Star Camógaíochta agus captaen buacach Uile Éireann. Tá sí ar dhuine de cheathrar lúthchleasaithe in Éirinn a fhaigheann urraíocht ó Red Bull. Is mainicín faisin, abhcóide dílis ar chúrsaí meabhairshláinte í gan trácht ar an tóir atá ag na meáin uirthi. Sa chlár seo, rachaimid ar aistear in éineacht le Ashling atá i mbarr a réime faoi láthair i saol na camógaíochta – bean a fuair an ceann is fearr ar dhrochghortuithe agus ar mhórfhadhbanna leis an dúlagar ar an mbealach.

Físeáin ar Fáil