Cúl an Tí | Cartoon Saloon | Clár Ceol | Amhráin Ghaeilge Skip to main content
Menu

Cúl an Tí

Domh
9.30pm
Luain
7.30pm
     

Tabharfaidh Pól Ó Ceannabháin cuairt ar scoileanna na tíre
ag cur aithne ar sheanamhráin trí shamhlaíocht na scoláirí.
Dé Domhnaigh @ 9.30pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Tabharfaidh an láithreoir Pól Ó Ceannabháin cuairt ar scoileanna na tíre áit a dtabharfaidh na daltaí faoina gcuid leaganacha féin de sheanamhráin agus dánta. Déanfar físeáin bheochana d'amhráin Ghaeilge le cúnamh ó Cartoon Saloon, stiúideo beochana a bhfuil gradam buaite aige, & ón mbanna ceoil KILA. Casfaidh Pól le daltaí Scoil Naomh Breandán i mBiorra atá ag foghlaim an amhráin 'An Spailpín Fánach' le cúnamh ón iarscoláire Mundy. Casfaidh Pól ansin le healaíontóirí Choláiste Ráithín i mBré, i gContae Chill Mhantáin agus casfaidh Liam Ó Maonlaí an t-amhrán 'An Raibh Tú ar an gCarraig'.

Chéad Taispeántas: 12 Iui

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Cúl an Tí

Tabharfaidh Pól Ó Ceannabháin cuairt ar scoileanna na tíre ag cur aithne ar sheanamhráin agus dánta trí shamhlaíocht na scoláirí. Cruthófar físeáin bheochana d’amhráin Ghaeilge le cúnamh ón stiúideo beochana a bhfuil gradam buaite acu, Cartoon Saloon agus an banna ceoil KILA.

Físeáin ar Fáil